Achoimre Eorpach

Tá leabhrán, Achoimre ar an Dréacht-Chonradh Bunreachtúil don Aontas Eorpach, foilsithe ag an Fhóram Náisiúnta um an Eoraip…

Tá leabhrán, Achoimre ar an Dréacht-Chonradh Bunreachtúil don Aontas Eorpach, foilsithe ag an Fhóram Náisiúnta um an Eoraip.

Agus más lán béil de theideal é sin agat, tá gluais leis an leabhrán a mhíníonn téarmaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus a mbíonn ar siúl acu.

Déanann an foilseachán cur síos ar an dréacht-Chonradh Bunreachtúil agus na cuspóirí atá leis. Ní den chéad, áfach, fágadh mearbhall ar an iriseoir seo agus ceisteanna Eorpacha faoi chaibidil - agus ní i gcónaí a chuidigh an ghluais le tuigse mar ba cheart a fháil ar imeachtaí.

Tóg, mar shampla, an mhír dár teideal, An prionsabal gan refoulement a dhéanamh: "Tá an prionsabal dlíthiúil gan refoulement a dhéanamh ceangailteach ar na stáit ar fad mar dhlí idirnáisiúnta coitianta agus tá sé curtha san áireach go dearfa in Acht na nDídeanaithe in Éirinn."

READ MORE

Nó, cad é faoi Rialachán Tarmligthe: "Faoi na tograí sa dréacht-Chonradh Bunreachtúil, sa chás go bhfuil míreanna neamhriachtanacha i ndlí Eorpach nó i ndlí creata Eorpach, féadfaidh na dlíthe sin an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún Eorpach chun rialacháin mhionsonraithe a achtú chun cur leis na míreanna sin, nó iad a leasú."

Gan amhras, tá an Fóram le moladh as an ábhar seo a chur ar fáili nGaeilge. Ach, dá inmholta an tionscnamh Eorpach, is é an donas go mbeidh aistriúchán ar an aistriúchán de dhíth sula dtuigfidh mórán daoine a leath dá bhfuil ar siúl.

Eolas: 01-6194395 nó info@forumoneurope.ie