Aille & Allta i nGaillimh

Is é Áille & Allta an gheamaireacht a bheidh ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe an Nollaig seo, a scríobhann Pól Ó Muirí…

Is é Áille & Allta an gheamaireacht a bheidh ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe an Nollaig seo, a scríobhann Pól Ó Muirí.

Is é an t-aisteoir Peadar Cox a scríobh agus Diarmuid de Faoite, aisteoir clúiteach eile, a stiúraíonn.

Leagan nua den scéal Beauty and the Beast atá ann ach é suite i nGaillimh tamall gairid i ndiaidh chluiche ceannais na hiomána. An dtitfidh an spéirbhean Áille i ngrá le Mac Allta - cé go bhfuil a chuid fiacla rófhada, a ghlúine cnapacha agus é ina leathbheithíoch? Cad é do bharúil?

Beidh Áille agus Allta ar siúl oíche Luain go dtí an Domhnach, 18ú Nollaig. Cosnaíonn ticéad €10 do dhuine fásta; €7.50 do pháistí agus €30 atá ar thicéad clainne. Beidh an seó ar siúl ag 7.30pm ó Luan go hAoine agus seó amháin sa bhreis seachtain ón lá amárach ag 2.30pm. Is ag 2.30pm a bheidh an gheamaireacht ar siúl Dé Sathairn 17ú agus Dé Domhnaigh 18ú.

READ MORE

Eolas: 091-563600.