Al-Eagarthoir

- George Dempsey, taidhleoir Meiriceánach agus scríbhneoir, fáilte go Mná agus Fir na hÉireann.

- George Dempsey, taidhleoir Meiriceánach agus scríbhneoir, fáilte go Mná agus Fir na hÉireann.

- Go raibh maith agat, a Chlíona.

- Tá Gaeilge bhreá agat.

- Oideas Gael, tá a fhios agat. Bheadh siad molta dá mbínn i m'Iarácach.

READ MORE

- An-obair ar siúl acu, gan amhras. George, chara...

- Tabhair Seoirse orm.

- A Sheoirse, tá do chuid tuairimí faoi iriseoirí na hÉireann i mbéal an phobail; tú den bharúil gur ag cuidiú le hionsaithe ar na Stáit Aontaithe agus ag tacú le sceimhlitheoirí atá siad.

- Sin é.

- Cad é an dóigh go díreach?

- Tabharfaidh mé sampla duit.

- Déan.

- An bhfuil a fhios agat cé hé an duine is contúirtí ar domhan?

- Osama Bin Laden?

- Ní hé ach Polo Murray.

- Eagarthóir Gaeilge an Irish Times?

- Áibhirseoir al-Gaeilge an Irish Times.

- Conas?

- Na hailt sin ar fad aige faoi Fhoras na Gaeilge agus na hUlster-Scoots...

- Sea?

- Ag cothú na sceimhlitheoireachta.

- Ach níl ann ach colún Gaeilge.

- Colún al-Gaeilge, tá mé á rá leat. Tóg, mar shampla, an tuairisc sin ar Thóstal na Gaeilge.

- Sea?

- Teachtaireacht rúnda a bhí ann don té a thuig mar ba cheart í.

- Conas?

- An stuif sin ar fad faoi dhaoine le hainmneacha Arabacha.

- Lucht na Gaeilge?

- Sin a deirtear ach nach cosúil leis an Araibis í, an Ghaeilge seo?

- A Sheoirse?

- Sea?

- Ar mhaith leat sos a thógáil?