An fear ar ball

Crobhingne: Is deacair é a chreidiúint ach tá an colún seo breis agus bliain ar an saol

Crobhingne: Is deacair é a chreidiúint ach tá an colún seo breis agus bliain ar an saol. Tá súil agam gur cuma le duine ar bith an méid sin seachas mé féin.

Ina choinne sin ní bheadh an bhearna ann dom murach an colúnaí géarfhileata gearrachainteach a chuaigh romham sa tslí.

Mura bhfuil breall orm, chuaigh Liam Ó Muirthile i mbun an cholúin An Peann Coitianta i dtreo dheireadh na bliana 1985. Is geall le míorúilt é gur lean sé leis ag soláthar ábhar seachtainiúil ar ardchaighdeán go dtí tús an tsamhraidh anuraidh. Is beag rud is luainí ná is éalaithí ná an colún reatha. Cuireann an breacaire de é, agus gabhann a chuid focal le gaoth.

D'éirigh leis an Muirthileach ábhar a sholáthar a bhí i gcónaí snoite, ceardach, lánghairmiúil, agus níos minicí ná a chéile ealaíonta, beosmaointeach, dúisitheach, éagoiteann, sainiúil.

READ MORE

Bhí mé ag iarraidh gan léamh siar ar a chuid oibre don nuachtán seo ar eagla go raghadh an friotal i bhfeidhm orm. (Ba luarga liom friotal ar bith seachas mo cheann bacach féin.) Ach bhíodh an cruas scríbhneoireachta sin dom mhealladh san áit inarbh fhearr liom scaoilteacht agus scaoinse agus scudalacht agus focail gan ancaire gan mhapa. Chuirinn mo mhallacht leis, ar nós gach scríbhneora a bhfuil éad air le fear na habairte a thuirlingíonn ar a ceithre chrúb.

B'iontaí ná sin an leathantas ábhar a bhí aige. Bíonn colúnaithe polaitíochta agus colúnaithe grinn agus colúnaithe gluaisteán agus colúnaithe tís agat sa Bhéarla, ach níorbh fholáir do Liam Ó Muirthile gach ceann díobh a fhreastal, gan trácht ar a bheith ina cholúnaí Gaeilge mar gheall ar an nGaeilge.

B'ilcheardach iad ailt Liaim. Bhain uimhir a haon den Pheann Coitianta le tincéirí agus leis an gcoinsias liobrálach, más ceart m'áireamh. Sórt scéil agus eachtra agus machnamh agus briogadh i bhfóire a chéile. Ach cúrsa é atá farainn i gcónaí, muran dulta in olcas atá idir an dá linn. É íogair tuisceanach báúil, ach ag dul faoin gcraiceann an t-am ar fad. Agus b'é a ghnó dul faoin gcraiceann agus na beara a ghéarú.

Uaireanta fuarchúiseach, uaireanta tebhruite, tamall le cuimhne agus tamall le samhlaíocht. Ba mhinic peannphictiúir aige de scríbhneoirí na Gaeilge - Séathrún Céitinn, Amhlaoibh Ó Súilleabháin, Seán Ó Ríordáin. Dhein sé léirmheasanna ar dhrámaí, ar leabhair, ar chláir teilifíse, ar scannáin agus thug sé a chuid peannchuntas gonta ar litríocht na Gaeilge ó nua is ó shean.

Bhí bua faoi leith aige an sliocht nó an nath nó an ceathrú filíochta b'oiriúnaí a aithint is a chur os ard. Ba chliste i gcónaí a cheangal idir an saol inniu agus agus an saol mar a bhíodh. Ceann de na hailt is gean liomsa ná ar bhain sé as litreacha na sagart Éireannach i bPrág is iad ag gearán faoin mímheas a bhí ag muintir na Lobháine orthu. De dhealramh, shíl na manaigh sa Lobháin gur ag ól is ag ragairne a bhí manaigh Éireannacha Phráig, agus gurbh é meas a bhí acu ar an áit "nach bhfuil inti ach tábhairne pótairí mar nach bhfuil d'exersis acu ach na copáin".

Agus is fiú leis a mhórtas féin as Iarthar Chorcaí, bíodh is nach luann sé a gcuid caideolaithe iomrallacha in áit ar bith. Sníonn sé a chuimhní pearsanta trí shaol na tíre sa tslí dhúinn gur léir nuair is ag caint faoi cause celébre scoil Dhún Chaoin atá sé, gur smut de shaol truamhéileach cúilsiúleach na tíre atá. Mar a chéile leis an mbrúid mhúinteora a d'imir ceart na cumhachta air nuair nach raibh an peann ceart cóir ina sheilbh.

Cuid d'aircív na tíre é a bhfuil scríofa ag Liam Ó Muirthile sa nuachtán seo idir 1985 agus 1993, ach mairfidh go leor díobh beag beann ar log ná ar uain. Iontas ann féin é gur file agus úrscéalaí agus drámadóir é i ngort na cumadóireachta, agus gur éirigh leis go comhuaineach an t-arán laethúil, nó seachtainiúil, a chur de go binnbhriathrach i gcaitheamh an ama.

Tá an fómhar le léamh sna cnuasaigh éagsúla dar teideal An Peann Coitianta a chuir Cois Life amach idir an dá linn. Is é íoróin dhiachrach an scéil é nár pheann coitianta a chleacht sé in aon chor, cé go dtuigim don teideal.

Is mé, agus a chuid léitheoirí uile, a bhí buíoch do Liam Ó Muirthile ar son a chuid greantachta, ar son a chuid tiomantachta, ar son na géarchúise san tráchtaireacht a nocht sé go follasach. Más féidir, sodarfar ina dhiaidh ar feadh tamaill den tslí.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar