Baile gan chultur

An Spíce, siombail na mílaoise, chun inspioráid, uaillmhian, misneach, meas agus bród a thabhairt dúinn, a scríobhann Mairéad…

An Spíce, siombail na mílaoise, chun inspioráid, uaillmhian, misneach, meas agus bród a thabhairt dúinn, a scríobhann Mairéad Ní Mhaoilchiaráin.€4.5 milliún a deirtear a caitheamh ar an dealbh seo ar Shráid Uí Chonaill i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Tá obair fheistiúcháin ar siúl ar mhodhanna taistil na cathrach, An Luas agus Tollán an Phoirt. Tá rogha leathan d'amharclanna lonnaithe sa chathair, The Olympia, The Gaiety, The Abbey, The Gate, Andrews Lane, Pavilion, Peacock, Civic Theatre agus an SFX City Theatre. Seo Broadway Bhaile Átha Cliath.

Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh áiseanna phríomhchathair na hÉireann ar an chaighdeán céanna le príomhchathair na Fraince nó le cathair Nua-Eabhrach. Ach cá bhfuil Broadway na Gaeilge?

Tá an Taibhdhearc ag muintir an Iarthair, An Grianán ag muintir Dhún na nGall, an Chultúrlann ag muintir Bhéal Feirste agus i bpríomhchathair na hÉireann, níl agann ach an Spíce.

READ MORE

Cád é atá i ndán d'aisteoirí agus scríbhneoirí Gaeilge na linne seo? An dtarlóidh an rud céanna dóibh agus a tharla do Mick Lally, aisteoir cumasach a bheartaigh a shlí bheatha a bhaint amach ag aisteoireacht i mBéarla? Ní raibh an deis ann le dul i dtreo na Gaeilge.

Bhí féile drámaíochta na gcoláistí tríú leibhéal ar siúl i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh. Seo teacht le chéile bliantúil a thugann mic léinn ó gach aon choláiste tríú leibhéal sa tír le chéile chun a gcuid oibre cruthaithí a thaispeáin agus chun beocht a thabhairt do thodhchaí na drámaíochta.

Dhá dhráma a ghlac páirt ann: Dubh agus Bán le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus Selkie le hOllscoil na hÉireann, Corcaigh.

Dhá dhráma nuascríofa. Cad a tharla do na coláistí eile?

"Ní raibh na drámaí eile críochnaithe in am," a dúirt stiúrthóir an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Seán Ó Moranaigh. Dúirt sé "nuair a fheiceann tú obair chruthaitheach na mac léinn, déagóirí d'fhéadfá a rá, tugann sé misneach duit".

Dhá dhráma. Dhá ollscoil. Cén t-ábhar misnigh é seo?

An amhlaidh go raibh mic léinn na tíre ag cur a míshástachta in iúl go ciúin, os rud é nach raibh ionad fóirsteanach ar fáil sa phríomhchathair? Meas tú dá mbeadh an fhéile sa Phoint nó san Olympia, cé mhéad coláiste a bheadh páirteach?

Nach bhfuil sé de dhualgas ar na húdaráis - Foras na Gaeilge agus an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta - ár gcultúr a láidriú agus a neartú ar fud na tíre.

Fágadh ár bpríomhchathair ar lár.

Tá cnuasach drámaí ag an Chomhlachas Náisúnta, idir sheandrámaí agus dhrámaí nuascríofa. Ba mhór an trua mura mbainfí úsáid astu choíche arís. Tá scéimeanna cabhrach do scríbhneoirí agus léiritheoirí ar bun ag an Chomhlachas ach cén mhaith iad seo gan ionad lárnach bheith ar fáil le go bhfeicfeadh siad toradh a gcuid oibre?

Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl ar Ollscoil na Ríona, Beál Feirste, Dé hAoine 2ú go dtí Dé Domhnaigh 4ú, mí na Bealtaine. Tá an Comhlachas ag siúl leroinnt mhaith drámaí ag an fhéile seo.

Ar ndóigh, ní ainmneofar dráma ar bith chun na féile náisiúnta go dtí go gcuirfear ar an ardán é sna féilte áitiúla. Ar an ábhar sin, is cúis bhuartha é nach bhfuil ionad cultúrtha agus compántas gairmiúil ina bhun ar fáil i mBaile Átha Cliath.

An bhfuil todhchaí ar bith le bheith ag na haisteoirí agus na scríbhneoirí óga atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach as an drámaíocht?

Ní thig leo uilig dul ag obair le Ros na Rún.

Is léirmheastóir drámaíochta agus scannán í Mairéad Ní Mhaoilchiaráin