Beirlin Gaelach

Sa bhliain 1905 a foilsíodh an t-aistriúchán Gearmáinise a rinne Ludwig Stern de dhán cáiliúil Brian Merriman, Cúirt an Mheán…

Sa bhliain 1905 a foilsíodh an t-aistriúchán Gearmáinise a rinne Ludwig Stern de dhán cáiliúil Brian Merriman, Cúirt an Mheán Oíche, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

An deireadh seachtaine seo caite thaistil breis agus 60 Éireannach go Beirlín chun cur lena n-eolas faoi Stern agus faoi na scoláirí Gearmánacha eile a raibh tionchar mór acu ar chur chun cinn an Léinn Cheiltigh.

Rinneadh tagairt go minic, áfach, le linn an deireadh seactaine don "staid éigeandála" ina raibh an Léann Ceilteach in ollscoileanna na Gearmáine faoi láthair.

Rinneadh tagairt fosta don airgead atá le bronnadh (€102,790) ó Chiste Gaeilge an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ar shé ollscoil sa Ghearmáin le haghaidh chur chun cinn na Gaeilge.

READ MORE

Agus tús á chur aige le sraith léachtaí in Ollscoil Humboldt dúirt Ambasadóir na hÉireann i mBeirlín, Seán Ó hUiginn, go raibh súil aige go gcabhródh an t-airgead seo chun an ceangal léinn idir Éirinn agus an Ghearmáin a athbheochan.

Cén fáth gur fágadh faoi Ghearmánach, coimeádaí Láimhscríbhinní Éigipteacha i Músaem Ríoga Bheirlín, an chéad téacs scolártha de Cúirt an Mheán Oíche a chur ar fáil?

Mheas an Dr Joachim Fischer, Ollscoil Luimnigh, gur shíl an lucht léinn in Éirinn ag an am gurbh fhearr a d'fhéadfadh eachtrannach dán a bhí chomh conspóideach sin a láimhseáil. Ag cur san áireamh gur ó fhoclóirí a d'fhoghlaim Stern an Ghaeilge, tá an t-aistriúchán a rinne sé cruinn don chuid is mó; bíodh gur fhág sé sleachta áirithe ar lár. Ach ainneoin suim mhór bheith ag Gearmánaigh in Éirinn is beag eolas atá acu ar Merriman ná ar a dhán.

Ní réitíonn ábhar an dáin, dar leis, leis an íomhá rómánsúil atá ag Gearmánaigh d'Éirinn. Cé gur foilsíodh aistriúchán Gearmáinise amháin eile in 1986 is beag díol a bhí air. Hans Kirsch a rinne é agus ba shuimiúil an chomparáid a rinne Fischer idir é agus aistriúchán Stern. Murab ionann agus Stern dhírigh Kirsch ar na sleachta faoi chúrsaí collaíochta sa dán agus chuir sé leo. Tá Merriman ag fanacht go fóill le haistritheoir oilte Gearmáinise, a dúirt sé.

An tOllamh Hildegard Tristam is mó a labhair faoin staid éigeandála ina raibh an Léann Ceilteach sa Ghearmáin faoi láthair agus gan ach dhá ollscoil fágtha, Bonn agus Marburg, inar féidir cúrsa sa Léann Ceilteach a dhéanamh. Dúnadh Roinn an Léinn Cheiltigh i mBeirlín agus ina hollscoil féin i bhFreiburg in 1996.

Ábhar dóchais di, áfach, an córas modúil atá ag teacht isteach sna hollscoileanna. Tá súil aici go gcabhróidh sé chun suim a chur i múineadh na dteangacha Ceilteacha.

Tá sí féin buíoch de Chiste na Gaeilge as €11,098 a chur ar fáil le duine a fhostú chun Gaeilge a mhúineadh.