Beocheist Eilís Ní Anluain Intleacht chrua Uí Chadhain

"Cé hí sin?" a d'fhiafraigh m'athair díom agus mé i mo chailín an-bheag ar éigean a raibh caint ar bith agam

"Cé hí sin?" a d'fhiafraigh m'athair díom agus mé i mo chailín an-bheag ar éigean a raibh caint ar bith agam. Leabhar dubh ar nós leabhar Aifrinn ina láimh aige agus spóil téip thaifeadáin curtha ag imeacht aige. "Caitríona Pháidín," arsa mise. D'fhiafraigh sé díom ansin céard a bhí ina láimh aici. "Tlúth," arsa mise.

Má thugann an pictiúr sin i gCré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, grianghraf Pheig Sayers cois tine chun cuimhne, sin a bhfuil de chosúlacht idir an bheirt bhan is mó le rá i bprós na Nua-Ghaeilge. Tá Peig agus "cos léi ins an uaigh is an chos eile ar a bruach", ach mar a deir Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge agus é ag déanamh comparáide idir Cré na Cille ina bhfuil "carachtair mharbha atá thíos" agus úrscéal eile ina bhfuil "carachtair bheo atá thuas, ní gach éinne a bheadh ar aon intinn faoi cé acu úrscéal ina bhfuil na daoine beo seachas na daoine marbha".

Tá cáil ar mhallachtaí agus ar mhaslaí an leabhair ach tá sleachta fileata ann freisin agus thar aon rud eile tá greann ann, a théann i dtreise de réir mar a théann athrá na gcarachtar i bhfeidhm ar an léitheoir. Chuala an Cadhnach beirt ar bhus ag caint ar na sleachta a bhí á bhfoilsiú i Scéala Éireann. "A right galoot if ever there was one. A Joycean smutmonger." Meas tú an ina dhiaidh sin a chuir sé duine de charachtair an leabhair ag tabhairt "Gaileota Joysúil" ar an scríbhneoir ina measc?

Céad bliain ó shin a rugadh údar an mhórshaothair seo ar foilsíodh sé chnuasach gearrscéalta leis ó na 1930í go dtí na 1970í. Bhí sé ina bhunmhúinteoir go 1937 agus ina aistritheoir ó 1947, an bhliain ar bhuaigh Cré na Cille duais Oireachtais. I ngeall ar an bhaint a bhí aige le gluaiseacht na Poblachta, chaith sé formhór bhlianta an chogaidh ina phríosúnach i "Sibéir na hÉireann" mar a thug sé ar champa an Churraigh. Thug sé ranganna Gaeilge ann agus chuir sé leis an líon teangacha a bhí aige féin.

READ MORE

Deir Breandán Ó hEithir sa léacht "Thar Ghealchathair Siar" go raibh "bua annamh teangacha ag Máirtín Ó Cadhain. Le cois Béarla agus Gaeilge bhí máistreacht aige ar trí theanga Cheilteach agus trí theanga Eorpach, ar a laghad". Ghlac sé páirt i go leor feachtais agóide, leithéidí Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Sa bhliain 1956 ceapadh ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá Léachtlann Uí Chadhain sa choláiste sin agus tugtar Léacht Uí Chadhain gach bliain i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Déanadh Ollamh le Gaeilge den Chadhnach i 1969. Bhásaigh sé i 1970.

D'éirigh tharr barr le Comóradh Céid Mháirtín Uí Chadhain ar an Spidéalseachtain ó shin ach tá an tarna seans ann mar is é an Cadhnach téama Scoil Gheimhridh Merriman i gCathair na Mart an deireadh seachtaine seo. Ar an gCnocán Glas, taobh thiar den Spidéal a rugadh Máirtín Ó Cadhain ach tá ceangal freisin idir é agus Cumann Merriman mar is é a thug an chéad léacht ar chéad Scoil Gheimhridh an chumainn sa bhliain 1969, an t-aon ócáid a raibh Ó Cadhain, Ó Direáin, agus Ó Ríordáin, ar aon láthair.

Is spéisiúil go ndearna sé tagairt ann d'aiste T.S. Eliot "Tradition and the Individual Talent" ceann de na haistí Béarla is minicí a ndéantar tagairt di mar is é bhí sé féin ag scríobh, an aiste Ghaeilge is minicí a ndéanfaí tagairt di, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Dírbheathaisnéis liteartha, tour de force, máistriúil, conspóideach, mar a dúirt cuid den lucht éisteachta faoi.

Cad ba Chadhnachas ann? "Intleacht chrua ghéar, dúchas tíriúil saibhir agus croí fíochmhar a bhí preamhaithe níos doimhne i saíocht na hÉireann, agus dá n-abrainn é, i saíocht na hEorpa ná aon chroí eile," de réir an Ríordánaigh.

Seán Ó Cadhain, nia leis an scríbhneoir a d'oscail deireadh seachtaine an Spidéil agus is é freisin a bheas ina chathaoirleach an chéad oíche i gCathair na Mart, ar léacht Louis de Paor. Maidin Shathairn ar an Spidéal bhí Gearóid Denvir, údar Cadhain Aonair: saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain , ina chathaoirleach ar sheimineár (inar labhair Cian Ó hÉigeartaigh, Éamonn Ó Cosáin agus Máirín Nic Eoin) ar "Triúr Máirtíní". Beidh Denvir sa chathaoir arís ar shiompóisiam Dé Sathairn seo chugainn agus is iad Séamus Ó Tuathail, Abhcóide Sinsearach, Pádraigín Ní Cheallaigh, Ollamh le Sean-Ghaeilge agus Liam Mac Cóil, scríbhneoir agus criticeoir, na cainteoirí.

Eolas www.merriman.ie