Bua cumarsaide

An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a bhronn Gradaim Chumarsáide 2004 Oireachtas na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath…

An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a bhronn Gradaim Chumarsáide 2004 Oireachtas na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath oíche Aoine.

Tugadh aitheantas d'fhear mór an dúlra agus na teilifíse, Éamon de Buitléar, le Buaic-Ghradam Cumarsáide; ba é Hiúdaí a ainmníodh mar Phearsa Teilifíse na Bliana agus Máirín Ní Ghradha a bhain gradam Iriseoir na Bliana.

Tugadh gradam raidió sa rannóg nuachta/faisnéise do Shéamus Mac Géidigh as a chuid oibre ar an chlár, Barrscéalta (RnaG) agus bhain an peileadóir agus craoltóir, Dara Ó Cinnéide, gradam as a shaothar raidió i gcúrsaí spóirt ar Spórtiris na nÓg (RnaG). Ba e Meaití Jó Shéamuis a bhain gradam as a chlár ceoil, Lán a' Mhála (RnaG).

Tugadh aitheantas fosta do Foinse as a leathanach aoire, Ar Son Na Cúise, sa rannóg iriseoireacht nuachtáin.