Caid agus creideamh

Crobhingne: Tar éis na Nollag agus séasúr na dea-mhéine agus biaiste na síochána ar talamh i measc na bhfíréan níor mhaith liom…

Crobhingne: Tar éis na Nollag agus séasúr na dea-mhéine agus biaiste na síochána ar talamh i measc na bhfíréan níor mhaith liom aon imir bheag den seicteachas a thabhairt isteach ar an gclár.

Ina choinne sin, ós ní é go bhfaigheann an Eaglais Chaitliceach Rómhánda fhírinneach oiread sin batrála ó chách a chéile, ritheann sé liom gur chóir ola a chur ar a croí maidir lena tionchar ar an gcreideamh nua iltíreach.

Cén fáth, mar shampla, gur tíortha Caitliceacha amháin a bhuaigh Corn an Domhain sa tsacar?

Is ea, is ea, luafar Sasana liom; ach is iad an t-aon eisceacht amháin iad, agus b'é fear líne Caitliceach ón Rúis a thug an cúl dóibh nár chúl in aon chor ach aithris mhagaidh air.

READ MORE

Agus is ea, arís, luafar, an Ghearmáin Thiar, mar a bhíodh orthu, ach b'as deisceart na tíre formhór mór na bhfoirne sin i ngach cás, Caitlicigh ó thaobh cultúir agus creidimh agus céapair.

Ina dhiaidh sin, Caitlicigh uile iad siar amach. An Bhrasaíl, is é sin, Ciarraí an domhain dá mhéid is a sciúchann sin sa scóig orainn; An Airgintín, stíleolaithe slíoctha sleamhaine a bhfuil cosa na n-aingeal agus lámh Dé ina gcuid oibre; An Iodáil, a bhfuil an Pápa féin i gclúmh an imleacáin acu; An Fhrainc, a réab dlíthe an ancién regime agus a d'fhill ar a dúchas ríogúil; Uruguay, dream beag le croí maith mór agus peil phuililiúlaíoch.

B'fhéidir dul níos sia ná sin agus trácht a dhéanamh ar Chorn na hEorpa. Bhain An Ghréig an chraobh i mbliana in aghaidh na Poirtingéile; bhuaigh An Rúis agus An Spáinn cheana é, nuair nár dhein siad aon ghaisce ar chlár na cruinne.

Fad is a bhí Dia na bProtastúnach ag bronnadh maoine agus gabháltais ar a ghéillseanaigh, bhí Dia na gCaitliceach ag tabhairt bua na caide dá chuid dílseoirí féin.

Tá mé ar mo mhine ghéire ag iarraidh éasc a fháil sa téis seo, agus tá ag dul díom.

Is féidir cúiseanna eacnamaíochta a lua, gan amhras, ach níor chruthaigh cúiseanna eacnamaíochta puinn seachas go bhfuil níos lú airgid ag daoine bochta.

Tá An Bhrasaíl ar an nóchadú ceathair tír is saibhre amuigh dar le háireamh an Bhainc Dhomhanda; An Airgintín ar an seachtódú.

Tá Nigéir ar an gcéad is a nócha cúigiú tír is mó táirgiúlachta as breis bheag agus dhá chéad, agus fós d'éirigh thar barr leo le tamall de choirn anuas. Ina choinne sin, tá An Fhrainc agus An Iodáil ar na tíortha is saibhre ar fad de réir pé cuntasaíocht a oireann duit. Is léir nach gustal eacnamaíochta is bun leis an nglóir-réim seo.

B'fhéidir gur cúrsaí cine é, ar ndóigh, mar is iad na foirne is measctha folaíochta is gaiste cos; agus ní haon dea-chomhartha é sin dúinne a shocraigh i rith na bliana gur foireann gheal amháin a bheadh againn feasta. Bhí an t-ádh le hiománaí na bliana gur scaoileadh isteach é sula raibh caoi ag ochtó faoin gcéad de mhuintir na tíre é a ghlasáil amach.

Ina choinne sin, áfach, is mó de dhealramh atá air gur creideamh atá laistíos de ar fad. Clann Chailvin is Liútair, is ar an bhfocal atá a mbrath, agus is mó d'ealaín choirp í an pheil ná d'ealaín bhéil.

Cuireann na Caitlicigh dealbha ag bogadh, agus ag léim, agus ag pramsáil, agus cuireann siad cosa ag gliogram dá réir. Ní dhéanaid léamh litriúil ar phlean an chluiche ach ligeann don spiorad tuirlingt idir na siúntacha.

Tá siad ann go réalta idir chorp ceart agus ní mar mheafar a bhféadfadh brí ar bith a bheith leis go huisciúil.

Tá míle bliain d'ealaín an tsaoil san Iarthar laistiar díobh, agus an ceol a ghabhann léi. Tá ardeaglaisí na mórchathracha mar fhianaise ar a nglóir agus mar aidhm ag a gcuid báirí. Fuil na mairtíreach lena gcuid bindealán bándearga ag soilsiú an róid dóibh.

Agus mar theist air sin ar fad, is iad na tíortha Protastúnacha amháin a bhain Corn Domhanda an Rugbaí. An Nua-Shéalainn, agus An Afraic Theas, agus An Astráil, agus Sasana.

D'oirfeadh dúinne a shocrú eadrainn féin an Caitlicigh nó Protastúnaigh sinn don bhliain úr. Ní bhuafar faic de cheal na deimhne sin. Tá na déithe iad féin cinnte go leor.

Is gean leis an Dia Protastúnach muintir na liathróidí n-ubhchruthacha; agus is mór leis an Dia Caitliceach lucht na liathróidí cruinne.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar