Caint sibhialta

'The Future of the Irish Language in the Education System," ba theideal do sheimineár poiblí a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide…

'The Future of the Irish Language in the Education System," ba theideal do sheimineár poiblí a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide Dé Céadaoin seo caite chun 100 bliain bhunú an Roinn Oideachais sa choláiste a chomóradh, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bhí an t-am ann nuair a bheadh na fórsaí bailithe ag na heagrais Ghaeilge chun freastal ar sheimineár mar seo agus rinne an cathaoirleach Pádraig de Bhál tagairt don phaisean a nochtaíodh ag an chruinniú a d'eagraigh an Language Freedom Movement i dTeach an Ard-Mhéara beagnach dhá scór bliain ó shin.

Agus bíodh go rabhthas ag súil go mbeadh ráiteas Éanna Uí Chonnaith faoi Ghaeilge éigeantach faoi chaibidil, ní fhacthas aon duine de cheannairí na n-eagras i láthair ann.

Daoine atá ag obair in earnáil an oideachais is mó a bhí ann agus tugadh éisteacht chiúin mhúinte don chúigear cainteoirí agus a ndearcadh ar a bhfuil i ndán don Ghaeilge sa chóras oideachais á shoiléiriú.

READ MORE

Cé nár mhó ná sásta a bhí aon duine de na cainteoirí le caighdeán na Gaeilge a bhíonn ag daltaí scoile tar éis 13 bliain á foghlaim is é Kevin Williams, ó Institiúid Mater Dei, an t-aon duine den chúigear a mhol go neamhbhalbh go mbeadh cead ag dalta ag aois áirithe an rogha a dhéanamh leanúint leis an Ghaeilge nó éirí aisti.

Níos mó taighde ar fhoghlaim na Gaeilge agus plean náisiúnta teanga mar atá i gCeanada a theastaigh ón taighdeoir John Harris

Bhí ardmholadh ag Máire Ní Annracháin, léachtóir le Gaeilge ar Ollscoil Mhá Nuad, don chóras oideachais as cur ar chumas scríbhneoirí, a hoileadh faoin chóras, litríocht bheo bhríomhar i nGaeilge a chur ar fáil. "State policy may not have succeeded but without it much of this wonderful literature would not have been written," a dúirt sí.

Chosain Tomás Ó Ruairc, bainisteoir oideachais i bhForas na Gaeilge ionad na Gaeilge mar ábhar riachtanach i gcúrsa na hArdteistiméireachta ach thacaigh sé le moladh Eanna Uí Chonnaith go gcuirfí nios mó béime ar an mhodh cumarsáide sa churaclam.

Súil siar ar an Ghaeilge sa chóras oideachais a rinne Adrian Kelly, údar an leabhair Compulsory Irish.

Thagair sé don chlaonadh a bhí ag lucht tacaíochta an status quo an teachtaire a ionsaí in ionad an teachtaireacht a bhí aige a phlé gan éirí corraithe ina taobh. Tá an chuma air go bhfuil an ré sin thart i gColáiste na Tríonóide ar aon nós.