Ceacht Conartha

TÁ CONRADH na Gaeilge le tús a chur le ranganna do dhaoine fásta ar an tseachtain seo chugainn

TÁ CONRADH na Gaeilge le tús a chur le ranganna do dhaoine fásta ar an tseachtain seo chugainn. Beidh na ceachtanna ar siúl ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, agus é mar chuspóir acu deis a thabhairt do dhaoine snas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Rang dhá uair an chloig a bheidh i gceist idir 7pm agus 9pm agus rogha ar thrí oíche: oíche Mháirt; Chéadaoin nó Déardaoin. Tá leibhéil éagsúla ann – idir thosaitheoirí agus chainteoirí líofa.

Eolas: www.cnag.ie/courses

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times