Cead go leith bliain an cholaiste

Beocheist: Lá breá Fómhair is ea chuaigh mé go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, den chéad uair, ní i mo mhac léinn…

Beocheist: Lá breá Fómhair is ea chuaigh mé go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, den chéad uair, ní i mo mhac léinn ach i mo leanbh, an lá a bronnadh céim MA ar m'athair.

Tógadh pictiúr mór ar pháipéar snasta an lá sin ar Ardán Phort an Iarla 40 bliain ó shin. Cailín beag bliain go leith, cóta dúbailte de dhath éadrom uirthi le cnaipí péarlach agus í crochta go néata idir beirt a bhfuil miongháire orthu do ghrianghrafadóir nuachta.

Is í an mháthair a d'iarr air an pictiúr a thógáil. D'fhéadfá a rá go rabhadar sa bhaile ansin mar b'ann a casadh ar a chéile iad.

An bhliain chéanna a tógadh an grianghraf chuaigh mic léinn go Belfield den chéad uair.

READ MORE

Bhí an coláiste ag bogadh tí arís, tar éis breis agus leathchéad bliain ar Fhaiche Stiabhna agus breis agus leathchéad bliain ina dhiaidh sin ar Ardán Phort an Iarla.

Belfield a bhí i ndán domsa agus Gaeilge, Breatnais agus Gearmáinis mar ábhair agam tar éis go raibh cloiste agam go raibh meas ar an Léann Ceilteach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Shílfeá go mbeinn ar mo shuaimhneas ansin ach ní raibh. Bhí coimpléasc ísleachta agam a bhain le bheith i mBelfield seachas sa Terrace, le Gaeilge bheith agam ó thús seachas í a fhoghlaim mar a rinne formhór na léachtóirí, le tabhairt faoin saol sna 1980í seachas sna 1960í, le bheith óg seachas sean, nó meánaosta ar a laghad, agus le héirí as an Léann Ceilteach.

Deireadh an seandream leat nach raibh maith ar bith leis an gCumann Gaelach le hais mar a bhíodh sé sna laethanta corraitheacha fadó. Ní raibh anois ann ach 'ceol agus craic'. Cumann ceart díospóireachta a bhíodh ann le cainteoirí in éadach tráthnóna. Nár dheas sin!

Ar chúiseanna éagsúla cuireadh cosc ar Mhícheál Mac Liammóir agus ar Bhreandán Ó Beacháin teacht chun cainte leis an gcumann agus, ar chúis eile fós, an ceart a lorg do mhic léinn scrúdaithe iontrála a dhéanamh tré Ghaeilge agus níor ceadaíodh Comhar a dhíol sa choláiste. Agus bhíodar an-tugtha do na céilithe, amuigh faoin aer i mBeann Éadair nó go galánta i dTeach an Ard-Mhéara.

Cineál dí-chéillí a bhí ann nár thuigeas go ceann píosa agus nár mhaitheas dom féin, nó do mo thuismitheoirí, go ceann píosa eile ina dhiaidh sin, go ndeachaigh mé ní hé amháin go Belfield ach ag déanamh Gaeilge agus m'athair ina léachtóir sa roinn sin. Níorbh é sin 'The University!' mar a labhair Stephen Dedalus faoi in Portrait of the Artist as a Young Man, áit a ndeachaigh sé, mar a chuaigh m'athair, in aghaidh thoil a mháthar.

Ach ba thútach uaim, i mbliain seo chomóradh chéid go leith an choláiste, gan íomhánna eile a thabhairt chun cuimhne. Cé nár rótharraingteach i mo shúile-sa ach an oiread na focail 'ceol agus craic' chuaigh mé sa seans le Gluhwein und Theaterstuck an Chumann Gearmáinise agus, ar an stáitse in Amharclann C, casadh orm buachaill atá liom ó shin. Am lóin nó tráthnóna shiúlaimís tailte an choláiste, eastát a bhfuil breis agus trí chéad acra talún ann, seacht dteach mhóra tuaithe agus foirgneamh ornáideach.

Tithe Seoirseacha iad uilig taobh amuigh de Chaisleán Roebuck (1878) a tógadh sa stíl ghotach thart ar sheanchaisleán Normánach. Ar an chuid eile tá Merville (1750); Ardmore (c.1770); Richview (1790); Teach Belfield (1801); Woodview (1820); agus Whiteoaks (1840) a bhfuil University Lodge mar ainm air agus é ina theach cónaí ag uachtaráin an choláiste ón bhliain 1953. Is teampall beag Gréagach í an Réadlann Mhaighnéadach (1838), bronntanas ó Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1974, an bhliain chéanna a tháinig deireadh le caint a mhair seacht mbliana faoi nascadh a dhéanamh idir an dá choláiste; tá sé in úsáid anois mar phictiúrlann ag lucht staidéir scannán.

Teach Belfield ar 44 acra is túisce a ceannaíodh i 1933. Cheannaigh an Stát Ardmore do RTÉ agus cheannaigh an coláiste Montrose ar an taobh eile den mbóthar mór; rinneadar malartú ar na tithe agus na tailte a bhí ag dul leo i 1957. Tá scoil na hAiltireachta i Richview ó 1980 agus is i gCaisleán Roebuck atá Dámh an Dlí.

Agus an méid sin ráite faoi Bhelfield, rud a thug sásamh faoi leith dom, gur iarradh orm i mo mhac léinn iarchéime, ranganna teagaisc a thabhairt i dTeach Newman teach cathrach agus genius loci an choláiste. Ar thóir na cathrach a thug ár gcéadghin aghaidh lá breá Fómhair sé seachtainí ó shin ar Choláiste na Tríonóide!