Ceap magaidh

CROBHINGNE: BÍONN SÉ de mhí-ádh orm ó am go chéile go mbíonn orm an t-oileán iathghlas seo a fhágaint agus triall ar chríocha…

CROBHINGNE:BÍONN SÉ de mhí-ádh orm ó am go chéile go mbíonn orm an t-oileán iathghlas seo a fhágaint agus triall ar chríocha i gcéin. Ba ghnó taitneamhach de ghnáth é. Ag ól meá ar bhruach na Gaingéise faoi sholas spéirghealaí, ag comhrá le yeti ar shleasa Chumulunga, paidir á rá le hanamain na mbeo i dteampall beag in uaigneas gleanna, leabharlann á lorg i sráidbhaile in Texas, an cineál sin caitheamh aimsire.

Ceann de phléisiúir mhóra an taistil ba ea an fháilte chroíúil a chuireadh daoine romhat, go háirithe nuair ab eol dóibh gurbh as Éirinn duit.

“Iontach,” adeireadh duine leat, “chaith mé trí mhí in Éirinn agus bhí mé ar meisce i ngach aon cheann de na trí chontae fichead!” Nó, “Phós deirfiúr liom fear as Ciarraí, agus tá siad sona sásta in ainneoin nach dtuigeann sí focal dá ndeir sé!”

Pé ní é, ba dhóigh leo gur mhór an chraic tú, mar ba chraic í Éire uile ó Lios Dúin Bhearna go Lios Tuathail go dtí gur déanadh Lios na gCearrbhach dínn. Níor thugas an t-athrú faoi deara go hobann. Cheapas, b’fhéidir, toisc gan buamaí a bheith á bpléascadh ar shráideanna Bhéal Feirste, ná daoine a bheith á lámhach go laethúil, go rabhamar á ligean i ndearmad agus i ndíchuimhne.

READ MORE

Beidh meabhair ag cuid againn ar an tráth gurbh éigean a rá go fiata le haineolach nárbh fheas dó cá raibh Éire, nárbh Íoslannach ná Ollanach tú, agus go gcaithfeá comharthaí leipreachánacha a dhéanamh chun do phonc a chur abhaile.

Ach bhí mé i dtír áirithe san Eoraip le déanaí agus comhrá cois cuntair á choimeád agam le duine a raibh cuma bhéasach agus culaith dá réir air. An ghnáthoscailt, an fhiafraí cad as dom agus mar sin. Nuair adúirt mé “as Éirinn,” thit tost ar an gcaint láithreach.

Cheap mé i dtosach gur shíl sé go ndúirt mé “An Iaráin”, mar bhí scéal nuachta ann an mhaidin sin go raibh sceimhlitheoirí ón tír sin ag leathnú siar chun an domhan go léir a scrios. Ach níl an chuma sin orm, agus is lú ná sin a chleachtaim féasóg.

“Ní hea,” arsa mise, go deas sibhialta páidíúil, “as Éirinn”. Ach ba léir gur thuig sé go maith. D’athraigh a chruth is a chuntanós. Shéid a phluca amach, chrom a bholg ar a bheith ar crith mar a bheadh glóthach ar dhruilire leictreach, d’imigh súil amháin isteach ina chloigeann ionas nach bhféadfadh corr éisc í a phiocadh amach fad is a bhí an ceann eile ina seasamh ar ghas i ngar dom, d’at a ghuaillí go dtína chluasa agus thosnaigh sé ar luascadh anonn is anall i dtreo is gur cheap mé go raibh sé ar tí mé a bhualadh. Ach ní fearg a bhí air chugam in aon chor.

Is ag gáirí a bhí sé!

“Éire!” adúirt sé, plobarnach lena bhéal agus deora an ghrinn lena shúile, “Éire! Nach sibhse an tír atá i bhfiacha, cad é, 20 billiún, ní hea, gabh mo leithscéal, 30 billiún, mo bhrón, an é 50 billiún an figiúr deireanach is déanaí, figiúr na seachtaine seo? Nach sibhse a lig do scata de bhaincéirí an sparán a bhaint as bhur bpóca? Nach sibhse....”

Ach bhí mé imithe an doras amach. Cheap mé go mbeadh faoiseamh agam i dtíortha eile, nach raibh ann ach áilteoir fáin. Ach seachtain ina dhiaidh sin, nuair a lorgaíos treoir i bpríomhchathair eile i dtuaisceart na hEorpa, agus nuair a haithníodh mo bhlas cainte go haosáideach, ba dhóbair do mo dhuine titim i bhfanntais le racht grinn.

Bhí sé ag iarraidh an gáire a mhúchadh ar tús, ach ansin thosnaigh an sceartadh ard dá bhuíochas. “Éire! Nach agaibh atá an príomhaire a bhíonn ina shuí go déanach ag ceol fad is atá daoine ar an dól!?” Níor fhanas lena chomhairle ach caolú liom go ciúin.

Sea má sea! Gach aon tír ina mbím bítear ag magadh fúinn. An scolgháire san Fhrainc toisc nach bhfuilimid sásta giofóga a dhíbirt nó a loscadh; na fáisceanna gáire i Sasana toisc nach gcuirimid saighdiúirí amach ag marú daoine faoin sliabh; an plúchadh gáire san Iodáil toisc gan ceannaire a bheith orainn a bhfuil úinéireacht aige ar na stáisiúin teilifíse; an smiota gháire sa tSín toisc nach gcuirimid gadaithe chun báis; na tríthí gáirí san Eilbhéis toisc gur thugamar vótaí do mhná sula raibh siad ullamh; an pléascadh gáire san Iorua toisc nach mian linn míolta móra a dhísciú; na rachta gáire sa Rúis toisc ár gcuid Garda Síochána a bheith síochánta; na tinneallaí gáire sa Ghearmáin toisc ár gcuid staire a bheith chomh brúidiúil sin...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar