Cearta agus cairt

Beocheist: Baineadh stad asam nuair a léigh mé ar an bhfógra sa leabharlann logánta go gceaptar go bhfuil duine as gach scór…

Beocheist: Baineadh stad asam nuair a léigh mé ar an bhfógra sa leabharlann logánta go gceaptar go bhfuil duine as gach scór de sheandaoine na tíre ag fulaingt de dheasca na drochíde.

Fógra i mBéarla a bhí ann, ar ndóigh, agus faoi mar a dhéanfadh go leor eile díobhsan a léifeadh den chéad uair é, ghlacas láithreach gur chuig an drochíde ghnéasach a bhí sé, rud nach ionadh, b'fhéidir, agus na focail "elder abuse" ann.

Bhí dul amú orm, áfach, mar ba é a bhí ann ná cuireadh do sheandaoine a bheadh ag fulaingt, agus dóibh sin go raibh eolas acu faoi, a leithéid seo de theagmháil a dhéanamh le heolas a fháil ar a gcearta agus cabhair lena mbaint amach.

Ba mhaith ann é mar fhógra, agus ba ionmholta í an aidhm a bhí leis ach - nach trua é go mbíonn "an t-ach" ann i gcónaí? - ní rabhas róchinnte gurbh ar na seanóirí amháin ba chóir don fhógra a bheith dírithe.

READ MORE

Níl ceist orm ach go bhfuil daoine aosta inár measc atá eolach ar a gcearta agus atá in ann iad a sheasamh go dásachtach nuair is gá sin, ach ní dóigh liom go luíonn sé le teacht na haoise de ghnáth go mbeadh duine sásta an raic is gá go minic a thógáil. Fágann sé sin, feictear domsa, gur mó dá réir é an dualgas atá orthusan nach bhfuil sean go fóill na cearta sin (na pribhléidí sin?) a aithint is a chosaint.

Samhlaítear dom, mar shampla, gur dóigh le han-chuid daoine gur ceann de chomharthaí sóirt na seanaoise é duine a bheith beagáinín bodhar, ach ní gá go gciallódh sé sin i gcónaí nach foláir don té ar an taobh istigh den chuntar a bheith ag béicíl leis an té atá ar an taobh amuigh.

Tá sé tugtha faoi deara agam gur minic a tharlaíonn san in áiteanna cosúil leis na bainc agus na hoifigí poist, na háiteanna díreach nár mhaith le duine - bíodh sé sean nó óg - go mbeadh fios a ghnó ag madraí na sráide!

Tá fógraí ar shuíocháin áirithe sna busanna ag iarraidh ar dhaoine iad a thabhairt suas má bhíonn seanóir nó duine atá faoi éagumas ina ngá agus is ionadh liom i gcónaí an méid de na taistealaithe nach bhfuil in ann na fógraí san a thuiscint, is cosúil.

An t-aon uair amháin a chonac seanbhean go raibh sé de mhisneach aici a ceart a éileamh i gcás suíocháin díobh, ach is minicí i bhfad ná san a fheicim seanóirí i dtuilleamaí daoine atá beagnach chomh haosta nó chomh lag leo féin le háit suí a thairiscint dóibh.

Agus i gcás na mná áirithe san go raibh sé de chrógacht inti a cás a sheasamh, nár airíos beirt bhoicín taobh thiar díom ag siotgháirí fúithi agus ag tabhairt leasainm uirthi nár mhaith liom a lua. B'fhéidir nárbh í an chomhairle amháin a bhí de dhíth orthu, ach an bhróg sa tóin ina teannta.

Agus mé ag trácht ar na busanna, tá nós eile gur mhaith liom a lua, go háirithe ón uair gurb orthusan nach bhfuil chomh haclaí sin a thuilleadh is mó a chuireann sé isteach, is dóigh liom. Is gnás é ag roinnt de na tiománaithe gan stopadh díreach ag an áit ina bhfuil an stad ach dul ar aghaidh níos faide agus a chur d'iallach orthusan atá ina seasamh san ionad cuí brostú ina dhiaidh agus saothar orthu lena dheimhniú nach gcuirfear moill ar an mbus.

Ar ndóigh, ní bhíonn a mhalairt ar chumas an tiománaí in amanna, nuair a bhíonn feithicil eile loctha go mídhleathach, mar shampla, ach ní chuig lár na cathrach atá mé sa mhéid sin romham.

Ní dhéanfaidh mé paidir chapaill den scéal; níl uaim ach a mheabhrú do lucht an dea-chroí nach leor a gcuid iarrachtaí a dhíriú orthusan atá ag fulaingt; ní mór iadsan is cúis leis an bhfulaingt a chur san áireamh chomh maith.

Bhí gnó le déanamh agam san oifig phoiblí i gceann de na Ranna Stáit le déanaí; ní raibh aon duine ann romham nuair a chuas isteach ag 10.30am agus cuma cad a dhéanfainn bhí ag teip orm duine a fháil le cúram a dhéanamh dem ghnó. (Bhí an áit in ainm is a bheith ar oscailt don phobal ar 9.30am.)

Ba chuma ach bhí póstaer ar an bhfalla ar a raibh an teideal "Cairt an Chustaiméara" agus ar na geallúintí móra a tugadh dúinn sa chairt sin bhí sé seo: "Déileáilfear leis an gcustaiméir láithreach agus féachfar chuige go gcuirfear a chuid gnó i gcrích leis an mhoill is lú is féidir".

Ach bhí liom ar deireadh; tháinig oifigeach mo tharrthála. Dheineas gearán béasach leis faoin mhoill agus bhí sé féin chomh béasach céanna agus é á mhíniú dom go raibh an oifig sin le dílárú agus nach raibh fonn ar bith ar an Roinn Airgeadais airgead a chaitheamh uirthi - maidir le foireann nó trealamh a sholáthar - ar an ábhar san.