Cló comórtais

TÁ NA foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ag reáchtáil comórtais do scríbhneoirí próis

TÁ NA foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ag reáchtáil comórtais do scríbhneoirí próis. Tá an comhlacht i gConamara ar lorg úrscéalta, nóibhillí nó cnuasach gearrscéalta ó scríbhneoirí seanbhunaithe nó úra. Ábhar do dhaoine fásta nó do dhaoine óga atá i gceist agus €10,000 le roinnt idir triúr buaiteoirí

Dúirt bunaitheoir an chomhlachta, an scríbhneoir Mícheál Ó Conghaile, gur mhór an spreagadh an comórtas do scríbhneoirí, go háirithe do scríbhneoirí óga nó úra. Chuideodh an spriocdháta leo an obair a bhí idir lámha acu a thabhairt chun críche.

Is é an Luan, 3ú Meán Fómhair, 2012, an dáta deiridh d’iontrálacha agus táille €25 ar gach iarracht.

Eolas: www.cic.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times