Cogadh cam

Doirteadh fola ar mhaithe le hola. "Bás ón spéir le Bush agus Blair." "Cogadh Cam Uncail Sam

Doirteadh fola ar mhaithe le hola. "Bás ón spéir le Bush agus Blair." "Cogadh Cam Uncail Sam." "Teflon Neodracht ó Theflon Bertie." "Faisistigh ag marú páistí."

"Déan suirí chan buamaí." "Síocháin." Sin cuid de na manaí a bhí ar na póstaeir agus ar na meirgí a bhí á n-iompar ag na Gaeil a tháinig amach Dé Sathairn chun agóid a dhéanamh in éadan cogadh a chur ar an Iaráic, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bhailigh cuid acu le chéile lasmuigh de Chlub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell. Bhí lán bus ann ó Thír Chonaill, an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, ina measc. "Gaeil in éadan an chogaidh" a bhí scríofa ar an mheirge a bhí á iompar acu.

Bhí lán bus eile ann ó Chonamara agus meirge mór buí á iompar acu, ar a raibh scríofa, "Conamara in aghaidh an chogaidh". I measc na ndaoine a bhí ann bhí an craoltóir agus ball d'Údaras na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, agus Donnchadh Ó hEallaithe, a bhí sa nuacht le déanaí, as an anailís atá déanta aige ar fhigiúirí lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht.

READ MORE

Bhailigh scaifte nach beag de Ghaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath le chéile agus de réir mar a ghluais an mórshiúl ar aghaidh bhailigh a thuilleadh isteach taobh thiar de na meirgí Gaeilge, iar-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Mícheál Ó Gruagáin, agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Maolsheachlainn Ó Caollaí.