Cogadh gan leigheas

Beocheist: War may be temporary but the wounds it leaves on people are not, writes Art Ó Maolfabhail

Beocheist: War may be temporary but the wounds it leaves on people are not, writes Art Ó Maolfabhail

Agus an Bhreatain ag cur chun cogaidh aon uair amháin eile seasann rialtas tofa na tíre sin i leataobh, mar is gnách, agus ligeann do "pháirtí an airm", don "militocracy", dul i mbun maide stiúrach na tíre.

Freisin, mar is gnách, tosaíonn cuid de mhuintir na Breataine ag éirí achrannach agus iad ag gearán faoin chostas ollmhór airgid a bheidh ar an stát ag am nuair nach bhfuil dóthain airgid ann, de réir dealraimh, chun freastal ar riachtanais an phobail. Mar shampla, is annamh anois a mholtar córas leighis an stáit sa Bhreatain.

Rud eile de, tuigtear go gcuirfidh an cogadh go leor de phlúr na ndaoine de dhroim an domhain, agus go gcuirfidh sé go leor abhaile leonta a bheas ina n-ualach feasta ar sheirbhís leighis an stáit.

READ MORE

Mar sin féin, nuair a bhuailtear na dromaí agus nuair a fheictear an searmanas go léir agus nuair a léirítear cumhacht mhillteach na tíre chun foréigin mhíleata, tagann bród agus tocht ar oiread den phobal agus a choinneoidh an dream sceiptiúil faoi smacht.

Tar éis an tsaoil, ní cinnte go bhfuil deireadh go fóill leis an ré sin inar féidir leis an arm cur chun farraige agus é ag súil creach a thabhairt abhaile chun na máthairthíre.

Ceann de na constaicí atá ag cur moille go praicticiúil ar mheaisín cogaidh na Breataine anois is ea na bearnaí a fhágfar sa chóras leighis poiblí nuair a bheidh riar an airm de dhochtúirí agus de dhaoine oilte eile imithe chun cogaidh.

Ag tús an 20ú haois bhí timpeall 50 ollscoil in Impireacht na Breataine. N'fheadar cé mhéid díobh sin a raibh scoil leighis iontu.

Is suimiúil scéal Chorcaí ón dtaobh sin de. Nuair a bhí Cogadh na mBórach ann timpeall na bliana 1900 bhí níos lú ná 200 mac léinn i gColáiste na Ríona i gCorcaigh. Mic léinn leighis ab ea 75 faoin gcéad díobh sin. Go luath ina dhiaidh sin de bharr athruithe chun náisiúnachais, agus le tacaíocht na gcomhairlí contae, bunaíodh Coláiste Ollscoile Chorcaí ina chuid den Ollscoil Náisiúnta.

Sa bhliain 1914 nuair a thionscain an Chéad Chogadh Mór bhí timpeall 400 mac léinn i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus timpeall 50 faoin gcéad díobh ag gabháil don leigheas. Is suimiúil an pháirt a ghlac an coláiste sin go hoifigiúil san iarracht chogaidh.

Dúirt an tUachtarán, Bertram Windle: "I felt it my duty to place the College at the disposal of the military and naval authorities as a Base Hospital with my medical professors as surgeons."

De réir an Ollaimh John. A. Murphy a scríobh stair an choláiste (The College, 1996) ní raibh ach beagán den bhfoireann ar aon tuairim le Windle.

In iris oifigiúil an choláiste, The UCC Gazette, a bunaíodh 1911, d'fhoilsítí go rialta le linn cogaidh 1914-18 liostaí "Past and Present Students at the War", "Honorary war degrees and exemptions", agus scéalta báis ón chogadh.

IN eagrán a foilsíodh Meitheamh 1916 tá an t-aon tagairt dá bhfuil sa Gazette d'Éirí Amach na Cásca. "It will be remembered that at the time of the disturbance in Ireland some German troops in France placed a placard above their trenches facing the Munsters (reisimint áirithe, The Royal Munster Fusiliers) stating that the English in Ireland were firing on their wives and children ... a former student crawled out and captured this board which is now exhibited in the United Services Museum in London."

In eagrán níos déanaí tuairiscíodh bás an mhic léinn sin sa chogadh.

I mír eile in eagrán a foilsíodh mí na Nollag 1916 tá cur síos ar eagrú bailiú caonaigh chun áiseanna súite fola a dhéanamh. An tOllamh sealadach Luibheolaiochta a bhí i mbun na hoibre seo. Bhí an tOllamh féin, ar ndóigh, imithe leis an arm.

Tar éis an chogaidh d'fhoilsigh an tUachtarán liosta "Past an Present Students who served during the War", timpeall 350 díobh, a bhformhór mór ina ndochtúirí san Royal Army Medical Corps, nó ina máinlianna sa Chabhlach Ríoga, is é sin le rá nach "fir chogaidh" a bhí iontusan.

Duine as deich díobh nár tháinig slán.