Cosaint an chnoic

Tá pleananna an Údarás Náisiúnta um Bhóithre agus Comhairle Contae na Mí le mótarbhealach a thógáil láimh le Cnoc Teamhrach i…

Tá pleananna an Údarás Náisiúnta um Bhóithre agus Comhairle Contae na Mí le mótarbhealach a thógáil láimh le Cnoc Teamhrach i mbéal an phobail le tamall.

Tá alt iontach spéisiúil ag seandálaithe Edel Bhreathnach, Joseph Fenwick agus Conor Newman, ar eagrán samhraidh de History Ireland a thugann míniú thar a bheith beacht ar thábhacht an tsuímh agus a mbaineann leis mar láthair staire.

Scríobhann siad: "We believe the Hill of Tara to be a necropolis, a "city of the dead". The "land of the living" is its immediate hinterland, and this we have mapped out using the evidence of archaeological monuments and documentary sources.

"Both parts, the sanctuary and the settlements, comprise an integrated unit; one without the other is not only unsustainable but is virtually meaningless."

READ MORE

Tugann na húdair le fios go bhfuil mórán fianaise bailithe acu le léiriú cén fáth nár cheart go dtógfaí an mótarbhealach tríd an cheantar agus nach léir aon fáth amháin go mbeadh údarás na mbóithre agus an chomhairle contae ag iarraidh a leithéid a dhéanamh.

Agus mar fhocal scoir: "The issues raised by this case transcend the question of Tara v. the M3 and touch on the value that we as a nation place on our cultural heritage and its role in contemporary society.

"In today's Ireland, it seems, heritage is at best a brand-identity and at worst an obstacle to the generation of wealth among developers."

Seans mór go ndéarfadh na heagrais Ghaeilge nach dá dtéarmaí tagartha an chaint seo uilig faoi Theamhair. Ach a mhalairt atá fíor. Ba cheart go mbeadh siad i lár an aonaigh ag cosaint Teamhrach.

Ach an mbeidh?