Cupla mot

Tá Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, ag reáchtáil imeachtaí cultúrtha gach aon oíche sa tseachtain.

Tá Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, ag reáchtáil imeachtaí cultúrtha gach aon oíche sa tseachtain.

Tagann An Ciorcal Francach le chéile gach aon Déardaoin ag 7.30 p.m. Cuirfidh siad fáilte romhat mura bhfuil ach an "cúpla mot" féin agat.

Bíonn Seisiún na hAoine ar siúl ag 7.30 p.m. agus beirt dheirfiúracha, Leah agus Ciara Ó Néill, i mbun ceoil traidisiúnta agus bíonn ceolchoirm mhór gach aon oíche Shathairn ag 9 p.m.

Uair sa mhí a bhíonn céilí an Domhnaigh; bíonn Tráth na gCeist oíche Luain ag 9 p.m.; scannán idirnáisiúnta oíche Mháirt ag 7.30 p.m. agus cainteoir ar chúrsaí litríochta oíche Chéadaoine.

READ MORE

Mura leor sin, bíonn caifé na Cultúrlainne ar oscailt go dtí 11 p.m. agus rogha béilte éadroma ar fáil.

Tá an Chultúrlann ábalta, mar sin, mianta an anama agus an ghoile a shásamh. Eolas: 048-90964180 nó Eimear@culturlann.ie