Feile Bhealtaine ar siul san ardchathair go dti an Domhnach

Tosóidh Féile Bhealtaine Oireachtas na Gaeilge amárach le ceolchoirm sráide le Kíla (thuas) i mBarra an Teampaill, Baile Átha…

Tosóidh Féile Bhealtaine Oireachtas na Gaeilge amárach le ceolchoirm sráide le Kíla (thuas) i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ag 1 p.m. Tabharfaidh Ard-Stiúrthóir Institiúid um Ghnóthaí Eorpacha, Alan Dukes, léacht an Oireachtais in Eaglais Naomh Micheál & Eoin, Sráid Essex Thiar, Barra an Teampaill, ag 7 p.m. san oíche amárach agus beidh ceolchoirm leis an amhránaí John Spillane i gClub Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, ag 10 p.m.

Leanfaidh an fhéile ar siúl Dé hAoine le seimineár ag 9 a.m. i gColáiste na Tríonóide, tráth a phléifear "Ó Acht Teanga go Feidhmiú éifeachtach - taithí na Sualainnise san Fhionlainn". Is iad an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ina bhun seo.

Cuirfear tús le Lá na nÓg ag 10.30 a.m. Dé hAoine. Beidh cluichí, drámaí agus turas ar Iarsmalann Pháirc an Chrócaigh mar chuid de na na himeachtaí seo agus bronnfar duaiseanna an Chumann Scoildrámaíochta ag 2 p.m. i bPáirc an Chrócaigh.

Beidh bronnadh de chineál eile ar siúl oíche Aoine ag 7.30 p.m. in Óstán an Red Cow agus na gradaim chumarsáide á mbronnadh ar iriseoirí na hÉireann.

READ MORE

Beidh comórtais do dhaoine óga agus fásta ar siúl i gCluain Dolcáin ó 10 a.m. Dé Sathairn agus beidh ceolchoirm le Macalla oíche Shathairn ag 8 p.m. i Halla na Saoirse.

Is í an t-amhránaí Seosaimhín Ní Bheaglaoich a bheidh ina bean an tí don ócáid agus beidh plúr na mbancheoltóirí agus amhránaithe ina cuideachta.

Cuirfear críoch le himeachtaí Dé Domhnaigh ag 8.30 p.m. le dráma Tom Murphy, Gadaí de Nollag, (arna aistriú go Gaeilge ag Brídín Nic Dhonncha) sa Theatre Space@the Mint, Plás Anraí, Baile Átha Cliath 1. Eolas: 01-4753857 nó www.antoireachtas.ie