'FF an namhaid is mo ag an teanga' - Kirby

Ní luaithe paimfléad amháin chugat go dtagann an dara ceann agus an tríú ceann

Ní luaithe paimfléad amháin chugat go dtagann an dara ceann agus an tríú ceann. An Dochtúir Peadar Kirby, léachtóir sinsearach sa Scoil Dlí agus Rialtais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; Breandán Ó Doibhlin, aistritheoir agus údar agus an Dochtúir Alan Titley, ceann roinne na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, an triúr a scríobh.

Agus a leithéid d'fhealsúnacht atá acu. Seo Kirby mar thús: "Dúinne in Éirinn, caithfimid gan bacaint a thuilleadh le Fianna Fáil; ar bhealach, is iad na naimhde is mó atá ann do chúis na Gaeilge iad mar go ligeann siad orthu go bhfuil bá acu leis an nGaeilge ach ní mar sin a ghníomhaíonn siad (in ainneoin correisceachta sa pháirtí ar nós an Aire Éamon Ó Cuív.)

"Más cuid lárnach í an Ghaeilge de thodhchaí iomlán nua a chothú don tír seo, is é an Comhaontas Glas agus daoine forásacha eile comhghuaillithe dáiríre na cúise sin. Tá sé thar am é seo a aithint agus gan ligean d'Fhianna Fáil a thuilleadh úsáide a bhaint as an nGaeilge dá leas féin."

Scríobhann Kirby go bhfuil ré nua ar tairseach agus go mbeidh ar phobal na hÉireann cur chuige úr éifeachtach a lorg le sochaí níos cothroime a bhaint amach: "Is comhthéacs é sin ina bhféadfadh an Ghaeilge bláthú arís."

READ MORE

Creideann Kirby nach é meath na Gaeilge "an chúis imní is mó dúinn in Éirinn na linne seo, ach meath an phobail féin". De réir mar a scaoiltear agus mar a ghearrtar na snaidhmeanna idir daoine, is amhlaidh go séantar comhluachanna cultúir - ar nós teanga - agus comhdhualgais, mar shampla, gur cheart do gach duine a chuid cánach a íoc.

"Easpa freagrachta lucht maoine agus cumhachta is cúis leis sin" a scríobhann Kirby, "oidhreacht de chuid gné den choilíneachas é seo, go bhfuil uasaicme dhúchasach a rinne aithris ar na coilínithe."

Is cás le Ó Doibhlin ídiú comhluachanna traidisiúnta agus is léargas Críostúil a thugann sé ar an ábhar; ní cumas don duine maireachtáil gan sochaí nó comhluadar; beidh a áit féin ag an traidisiún inár saol i gcónaí. Sonraíonn sé atmaisféar cúng intleachtúil in Éirinn.

Tháinig deireadh le stair na nGael leis an Ghorta Mór agus ní raibh lucht an Bhéarla ábalta fíorstair na hÉireann a mhíníu dóibh féin nó do na glúnta a tháinig ina ndiaidh.

"Bearna dhothrasnaithe" atá ann agus tá a chruthú sin le feiceáil i gcruth fisiciúil ár gcuid bailte: "... cuir ceist ort féin: an bhféadfá dealbh de Bhrian Bóramha a shamhlú i lár Bhaile Átha Cliath, mar atá Siobhán d'Arc i gceartlár Pháras, nó Richard Coeur-de-Lion i Londain, agus ní áirím dealbh d'Aodh Mór Ó Néill i nDún Geanainn?

"Nó ainm Cholm Cille ar mhórshráid i gcathair Dhoire? Cá bhfaighidh tú Sráid Eoghain Rua Uí Néill i mbaile Ultach, nó Sráid Shéathrúin Céitinn i gCluain Meala?"

Tugann Titley achoimre chruinn ar thábhacht teanga: "Is í an Ghaeilge an rud is Éireannaí dínn dá bhfuil ann." Agus, dálta na beirte eile, molann gníomhartha mar chonchlúid lena aiste féin.

Ó thaobh an oideachais de, molann sé "ábhar amháin a theagasc i rang amháin bunscoile do gach páiste! Faoi láthair, ar éigean aidhm ar bith go minic le teagasc na Gaeilge seachas na deasghnátha a chomhlíonadh; tabharfaidh sé seo sprioc agus fócas don teagasc sin."

Ba mhaith leis go mbeadh ar an Stát "cuntas bliantúil a thabhairt ar cad é an dul chun cinn atá déanta acu maidir le leathnú na Gaeilge", is é sin, na tionscadail nua atá curtha chun cinn acu, agus go mbeadh "polasaí éigin earcaíochta acu maidir leis an nGaeilge de. Nuair a cuireadh polasaí na Gaeilge "éigeantaí" i leataobh, an sop féin níor cuireadh ina áit. Is é a thoradh go bhfuil daoine i Roinn an Oideachais féin atá ag plé le cúrsaí Gaeilge nach bhfuil déanamh a ngnó den teanga acu."

Tá an oiread smaointe agus moltaí sna leabhráin agus a choinneodh Coiste Comhairleach na Gaeilge gnóthach go ceann blianta.

Faoi Pheadar Kirby a fhágfar an focal scoir: "Ar ndóigh, ní leor fealsúnacht. Tá gá le beart dá réir. Ach cuidíonn fealsúnacht le gníomh a spreagadh, le daoine nua a mhealladh isteach san fhiontar, le fuinneamh a chothú."

• An Cultúr Gaelach: Cosaint na Daonnachta le Breandán Ó Doibhlin; Pobal, Féinmheas, Teanga le Peadar Kirby; "Beir leat do shár-Ghaeilge!" Súil siar agus ar aghaidh le hAlan Titley.

An Aimsir Óg a d'fhoilsigh. €5 ar gach ceann.