Gaeilge ar an chlár

TÁ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le dul i dteagmháil le gach ball den rialtas nua le háit na Gaeilge a chinntiú ar Chlár an …

TÁ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le dul i dteagmháil le gach ball den rialtas nua le háit na Gaeilge a chinntiú ar Chlár an Rialtais, a scríobhann Pól Ó Muirí.

Dúirt stiúrthóir an eagrais, Pádraig Mac Criostail, go raibh siad ag iarraidh ar an rialtas nua go mbeadh a bpolasaí teanga “bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú”.

Bhunaigh an chomhdháil a bhfeachtas réamhthoghchánaíochta ar cheithre sprioc: tábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht náisiúnta; stádas na Gaeilge a chosaint agus a neartú; an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; agus ceart gach saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá shaol.

Chuir an t-eagras deich n-éileamh faoi bhráid iarrthóirí toghcháin agus bhí rún acu oibriú “go dian dícheallach” le cinntiú go mbeadh na héilimh seo san áireamh agus Clár an Rialtais á ullmhú.

READ MORE

Creideann siad gur chóir go mbunófaí struchtúir chuí leis an straitéis teanga 20 bliain a chur i gcrích go héifeachtach. Ba mhaith leo go ndéanfaí soiléiriú ar chúraimí Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh an tacaíocht chuí ag an eagras le cúrsaí fiontraíochta a chur chun cinn.

Tá an t-eagras ar son an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar san Ardteist agus go seasfaidh sí mar riachtanas iontrála don tríú leibhéal.