Gafa go mor

Tá sliocht as an úrscéal Gafa le Ré Ó Laighléis ar chúrsa Gaeilge na hardteistiméireachta, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide…

Tá sliocht as an úrscéal Gafa le Ré Ó Laighléis ar chúrsa Gaeilge na hardteistiméireachta, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Dúradh liom go mbíonn múinteoirí ag baint leas as an leagan Béarla, Hooked, chun fainic a chur ar dhaoine óga faoin dochar a dhéantar do shaol teaghlaigh nuair a bhíonn duine acu gafa le drugaí.

Níl aon dabht ná go gcuirfeadh an léiriú stáitse atá ar siúl in Amharclann an Mint i mBaile Átha Cliath go mór le tuiscint na ndaltaí aran leabhar agus ar bhrúidiúlacht shaol na ndrugaí.

Léiriú den scoth atá ann ina mbaineann an stiúrthóir, Darach Mac an Iomaire, leas as seifteanna éagsúla chun luas a choinneáil faoi agus na radharcanna éagsúla a cheangal le chéile. Cuidíonn an ceol agus na soilse go mór chun an teannas agus an chríoch uafásach atá ag bagairt ón chéad radharc a léiriú. Ach bhraith mé easnamh mór amháin ann agus b'shin easpa grinn nó éadroime de chineál ar bith.

READ MORE

Tragóid atá i nGafa. Tragóid máthar a fheiceann an meath atá ag teacht ar a haonmhac, Eoin, ógánach 17 bliain d'aois, atá gafa le hearóin. Is tragóid í nuair a fhaigheann sí amach uaidh fosta go bhfuil a fear céile ag luí le bean eile.

Mar sin féin, is gnách i ndráma tragóideach go mbíonn greann nó éadroime de chineál éigin ann chun faoiseamh a thabhairt don lucht féachana agus chun tragóid an scéil a threisiú. Níl éadroime ar bith sa léiriú seo ón uair go n-aimsíonn máthair Eoin na giuirléidí drugaí faoina leapa go dtí go gcuirtear deireadh brúidiúil lena shaol.

Bhí Seán Maitiú Ó Carraidh ar fheabhas ar fad i bpáirt Eoin mar a bhí Máighréad Ní Chonghaile i bpáirt a máthar. Ach chuirfeadh sé go mór leis an léiriú comhrá éadrom bheith eatarthu a thaispeánfadh go raibh tráth ann nuair a mhair siad go sona le chéile.

Dreas aisteoireachta den scoth a rinne Ó Carraidh agus gothaí an andúiligh á gcur air féin agus bhí na radhairc ina bhfacthas é ag déanamh dúmháil ar a athair thar a bheith éifeachtach.

Ba léir go ndeachaigh drámatúlacht an scéil i bhfeidhm go mór ar na daoine óga a bhí i láthair an oíche a raibh mé féin. Bhí ardmholadh ag beirt bhuachaillí lenar labhair mé do chumas aisteoireachta na mangairí drugaí agus shíl siad go raibh léargas réalaíoch le fáil ann ar fhochultúr na ndrugaí i mBaile Átha Cliath.

  • LEANFAR de Gafa sa Mint ag 8 p.m. go dtí oíche Shathairn. Beidh sé ar siúl in Amharclann Thaibhdhearc na Gaillimhe Dé Máirt 18ú Feabhra go dtí Dé Máirt 11ú Márta.