Gan teorainn

NÍL “TEORAINN” le tábhacht RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta, a dúirt Uachtarán…

NÍL “TEORAINN” le tábhacht RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta, a dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, a scríobhann Seán Tadgh Ó Gairbhí.

Ag labhairt dó ag ceannáras RTÉ RnaG i gCasla i gConamara Dé hAoine seo caite, dúirt an tUachtarán go raibh an craoltóir Gaeilge mar “acmhainn bhunúsach” ag pobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

“Bíodh is gur bunaíodh an craoltóir le freastal ar cheantair Ghaeltachta go príomha, tá sé éirithe ina chraoltóir náisiúnta, agus glacann sé páirt lárnach agus fhíorthábhachtach i ngluaiseacht na Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus mar shlat tomhais don uile dhuine in Éirinn,” a dúirt sé agus é ag tabhairt cuairte ar RnaG mar chuid de cheiliúradh 40 bliain an stáisiúin.

Dúirt sé gur chruthaigh RnaG go raibh áit ann “do na cineálacha táirgí cultúrtha sin nach féidir le margadh na meán domhanda a sholáthar”.

READ MORE

“Táirgí” ab ea iad seo “a léiríonn ábhair sheasmhacha, chasta atá neadaithe go domhain sa chultúr”.

Thug sé le fios go raibh ról ar leith ag RnaG i bhforbairt na teanga: “Má tá an Ghaeilge le coinneáil agus le forbairt mar theanga bheo, sna ceantair Ghaeltachta agus taobh amuigh díobh leanfaidh Raidió na Gaeltachta, lena pháirt lárnach sa phróiseas sin.”

Bhí Ard-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, i gCasla do chuairt an Uachtaráin agus thapaigh ionadaithe ó fhoireann an stáisiúin an deis ceisteanna maidir lena bhfuil i ndán don chraoltóir Gaeilge a phlé leis.

Thug Curran le fios nach bhféadfaí “eisceacht” a dhéanamh de RnaG sa bhabhta is déanaí de na ciorruithe atá á gcur i bhfeidhm ag RTÉ ar fud na seirbhíse.

Léirigh foireann RnaG imní mar gheall ar na pacáistí iomarcaíochta d’oibrithe atá os cionn 55 bliain d’aois ag tráth a bhfuil cosc ar earcaíocht in RTÉ.

Tá RTÉ ag iarraidh go n-éireodh deichniúr eile as foireann RnaG. Bhí fostaithe ag iarraidh go ndéanfaí cás speisialta den chraoltóir mar gheall ar phróifíl aoise ard na foirne.

Ach dúirt Curran nach raibh aon dul as ach na ciorruithe foirne a chur i bhfeidhm.

Meastar go mbeadh 30 faoin gcéad d’fhoireann RnaG i dteideal phacáiste iomarcaíochta. Tá an fhoireann buartha go háirithe faoi na himpleachtaí a bheadh ag na ciorruithe seo d’inmharthanacht sheirbhís an deiscirt.

Dheimhnigh Curran nach raibh sé i gceist go ndúnfaí stáisiún RnaG i mBaile na nGall, Co Chiarraí.

Thug Curran le fios don fhoireann go raibh grúpa nua le bunú chun féachaint ar na moltaí éagsúla maidir le soláthar Gaeilge RTÉ atá déanta i dtuarascáil speisialta a d’ullmhaigh an comhairleoir cumarsáide Cillian Fennell don gcraoltóir le déanaí.

Díríonn athbhreithniú Fennell, i measc rudaí eile, ar na féidearthachtaí maidir le cónascadh a dhéanamh idir Nuacht TG4 agus seirbhís nuachta Raidió na Gaeltachta.

acmhainn resource – aistriúchán translation – athbhreithniú review – Breatnais Welsh – bunúsach basic – craoltóir broadcaster – domhanda global – dúshlán challenge – eisceacht exception – filíocht poetry – foireann staff – láidir strong – léachtóir lecturer – scríbhneoir writer – seasmhach steadfast – spéis interest – tábhacht importance – tacaíocht support – tionól assembly – úir soil – úrscéal novel

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times