Gordon Gaeilgeoir i mbun na cistine

Agus fáilte romhaibh, a léitheoirí

Agus fáilte romhaibh, a léitheoirí. Tá ár gcócaire cantalach, Gordon Gaeilgeoir, i mbun rogha gach bidh agus togha gach dí anseo i gCistin an Ifrinn.

Tá foireann de pholaiteoirí agus d'fheidhmeannaigh mór le rá ina chuideachta agus iad meáite ar chíste na Gaeilge a ullmhú. Tá an bhialann lán go béal le Gaeil ocracha agus iad uilig ag dúil le cothú maith.

Fanaigí bomaite, tá Gordon Gaeilgeoir ag caint anois leis an fhoireann agus é ag cur uchtaigh iontu; cuirimis cluais le héisteacht orainn féin.

- Tusa, Bertie!

READ MORE

- Sea, chef.

- An ndearna tú teanga oifigiúil oibre den Ghaeilge mar a d'iarr mé ort?

- Bhuel, chef, ya see...

- Freagair an ******* ceist. D'fhág mé na comhábhair ar an tábla agat; dúirt mé leat cad é a bhí le déanamh; an ndearna tú é?

- Bhuel, chef, ya see...

- Níl ionat ach ******. Níor casadh ****** chomh mór orm ***** riamh. D'fhág mé na ******* comhábhair agus an t-oideas agat ar an ****** tábla agus níl **** déanta agat leo.

- Bhuel, chef, ya see...

- Chun an ***** diabhail leat. Cuívo?

- Sea, chef.

- An bhfuil an príomhchúrsa Gaeltachta ullmhaithe agat?

- Anois, bhuel, chef...

- An bhfuil an ******* príomhchúrsa Gaeltachta ullmhaithe? Tá an t-oideas sin de thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agat le ******* blianta fada.

- Tá coiste bunaithe agam.

- ******* coiste!!!! Ní thig leis na custaiméirí ******* coiste a ithe. D'iarr mé ort an cúrsa sin a ullmhú.

- Anois, bhuel, chef.

- Éist do bhéal agus glan na ******* prátaí!

- Mac Donncha!!

- Sea, chef.

- Cá bhfuil na ******* cuntais d'Fhoras na Gaeilge?

- Tá muid ag obair orthu, chef.

- Mura bhfaighimse na ******* cuntais sin faoi dheireadh an lae, beidh an saol ina **** agat. An dtuigeann tú mé?

- Sea, chef.

- Dempsey!

- Sea, chef...

- Ollscolaíocht na Gaeltachta?

- Tá mé ag déanamh taighde ar an cheist.

- Déanfaidh mise taighde ar do ***** muna maoiníonn tú an ollscolaíocht Ghaeilge. Stad de bheith ag ******* agus cuir an ****** airgead ar fáil agus tá a fhios agatsa cad é is féidir leat a dhéanamh leis an ******* taighde. Tá an chistin seo líon lán ********* agus muna dtagann feabhas ar chúrsaí go luath beidh an t-iomlán léir agaibh sa ****. Tá an t-ádh oraibh go bhfuil dea-spionn orm inniu nó chuirfinn mo ********* oraibh. Tá daoine amuigh ansin ag fáil bháis agus iad ag fanacht le cothú anama; ag fáil ******* bháis. Ní bhainfidh mé réalta Michelin go deo leis an dream seo gan a bheith ag caint ar athbheochan.

- Chef! An rud sin faoin teanga oifigiúil?

- Sea, Bertie?

- Bhí Biffo leis sin a dhéanamh...

- Ná bac le mac an Bhiffo agus ní bhacfaidh mac an Bhiffo leat. Tusa, Polo Murray!

- Sea, chef.

- Tugann tú ******* colún air seo!

- Tá mé ag déanamh mo dhíchill.

- ***** ar do dhícheall. Imigh amach as mo ****** radharc agus ná ****** tar ar ais go dtí an ******* tseachtain seo chugainn.

- Sea, chef.