Ionad Gaeilge le hoscailt i mBaile Atha Cliath

Tiocfaidh feabhas mór ar staid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an chéad lá de mhí Feabhra

Tiocfaidh feabhas mór ar staid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an chéad lá de mhí Feabhra. Is ar an lá sin a shíneoidh eagras teanga, Gaelchultúr Teoranta, conradh le Temple Bar Properties le hionad nua teanga agus cultúir a oscailt. Is ar an dara hurlár den Arthouse, an Chuarshráid, Barra an Teampaill a bheidh an áisíneacht lonnaithe.

Is é Éamonn Ó Dónaill, eagarthóir an iris Idirlín, Beo (www.beo.ie) agus eagraí an chlub, SULT, duine de stiúrthóirí Ghaelchultúr. Bhí áthas air nárbh fhada go mbeadh an t-ionad ag feidhmiú, a dúirt sé. Bheadh, den chéad uair riamh, fiontar ar leith dírithe ar an Ghaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta i mBarra an Teampaill ó bunaíodh an ceantar mar ionad siamsaíochta agus cultúir tuairim is deich mbliana ó shin.

Bhí sé tábhachtach "spás a aimsiú don Ghaeilge i gcroílár na cathrach" nó bhí neamart déanta sa teanga. "Caithfidh an Ghaeilge bheith i lár an aonaigh," a dúirt an Dálach. D'aithin Temple Bar Properties, úinéirí an tsuímh, sa deireadh gur díth mhór a bhí ann gan an Ghaeilge bheith ceangailte go sonraíoch leis an cheantar.

Tosóidh an t-ionad ar chlár teoranta imeachtaí a reáchtáil san oíche faoi lár mhí Feabhra agus beidh clár leathan imeachtaí i bhfeidhm don samhradh. Is é a rún go mbeidh an t-ionad ar oscailt ó 9 a.m. go dtí 9 p.m. le linn an tsamhraidh.

READ MORE

I measc na n-imeachtaí a bheartaítear, beidh: ceol agus damhsa ar an sean-nóis; ranganna Gaeilge; léachtaí i nGaeilge agus i mBéarla agus ceardlanna.

Rinne an t-eagras réamhullmhúchán i margadh na turasóireachta anuraidh. Reáchtáil siad scéim phíolótach le héileamh do na cúrsaí a mheas. D'éirigh thar barr leis an scéim sin, a dúirt Ó Dónaill, agus ba léir go raibh daoine, idir thurasóirí agus Éireannaigh, ag iarraidh ionaid a d'fhreastalódh ar a gcuid riachtanas cultúrtha.

Bhí turasóirí ag fáil "leagan saorga bréagach" den chultúr Éireannach agus shantaigh siad blaiseadh den chultúr dúchasach. Cheana féin, bhí focal ag daoine ar an chúrsa agus bheadh 150 duine ag freastal ar imeachtaí i mí an Mheithimh.

Le cois cúrsaí agus ceardlanna, tá rún ag Gaelchultúr Club Scannán a bhunú; craolfaidh siad scannáin Ghaeilge de chuid TG4 agus cinn idirnáisiúnta.

Cé go raibh siad ag brath ar dheontais le trealamh a cheannach, chreid Ó Dónaill nárbh fhada go n-íocfadh an t-ionad as sin. Ba chuid dá mheon agus de mheon a chomhghleachaithe - an gníomhaí teanga, Julian de Spáinn agus an fear gnó, Darren Ó Rodaigh - go leanfaí de dhea-chleachtas gnó le go mbeadh rath ar an obair.

Ní bheadh duine ar bith fostaithe go lán-aimseartha ar dtús agus is faoin triúr stiúrthóirí a bheadh sé an clár a reáchtáil. D'fhostódh siad múinteoirí - idir seisear agus 20, a dúirt sé - ar bhonn páirt-aimseartha agus ba é a ndóchas stiúrthóir lán-aimseartha a cheapadh go luath.

Beidh suíomh Idirlín Ghaelchultúr ag feidhmiú ó oíche Dhomhnaigh. Eolas: www.gaelchultur.com nó 085-7076182.