Leiriu den scoth

Ba cheart do gach dalta meánscoile atá ag ullmhú don ardteistiméireacht i mbliana, nó an bhliain seo chugainn, léiriú stáitse…

Ba cheart do gach dalta meánscoile atá ag ullmhú don ardteistiméireacht i mbliana, nó an bhliain seo chugainn, léiriú stáitse Thaibhdhearc na Gaillimhe de An Lasair Choille agus An Cearrbhach Mac Cába a fheiceáil, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ar chúrsa 2006 atá an scéal An Cearrbhach Mac Cába agus chuaigh mé ann le dalta a bheidh ag tabhairt faoin scrúdú ansin.

D'inis sí an scéal dom ar an bhealach agus rith sé liom go mbeadh sé an-deacair é a chur ar an stáitse mar scéal fada casta atá ann.

Ach bhaineamar beirt an-sult as an taispeántas agus as geaitsíocht na n-aisteoirí. Bhíomar ar aon tuairim gur ríchliste mar a d'éirigh leis an fhoireann bheag, faoi stiúir Dhaire Mhic Con Iomaire, beocht úr a chur sa seanscéal.

READ MORE

Bhí athrú beag anseo agus ansiúd ar an leagan atá sna leabhair scoile ach dar léi gur gur chabhraigh sé sin chun an scéal a thuiscint.

Mar dhráma stáitse a scríobh Caitlín Maude agus Micheál Ó hAirtnéide An Lasair Choille atá ar an chúrsa i mbliana. Bhí an aisteoireacht thar barr ann go mórmhór Brídín Nic Dhonncha i bpáirt an chailín tincéara.

Beidh an léiriú ar siúl dhá lá eile in amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath, inniu agus Dé hAoine, dhá uair sa lá. Ina dhiaidh sin beidh an saothar seachtain i Ros Mhic Triúin, Co Loch Garman; seachtain eile i Maigh Cromtha, Co Chorcaí agus an tríú seachtain i Móta, Co na hIarmhí.

Eolas: 091-56300.