Mac Piarais agus Carson - sceimhlitheoiri?

Tá aon cheist simplí amháin le cur faoi Éirí Amach 1916? Má chreideann tú gur réamh-Phrovo a bhí i bPádraig Mac Piarais agus, …

Tá aon cheist simplí amháin le cur faoi Éirí Amach 1916? Má chreideann tú gur réamh-Phrovo a bhí i bPádraig Mac Piarais agus, dá bharr sin, go raibh sé freagrach as gach gníomh míthrócaireach áir a rinne na Sealadaigh in ainm na hÉireann, an gcreideann tú gur réamh-dhílseoir a bhí in Edward Carson agus, dá bharr sin, go raibh sé freagrach as gach gníomh míthrócaireach áir a rinne paraimíleataithe dílseacha in ainm Uladh?

An té a cháineann an Piarsach mar oide na Sealadach, is minic nach mbíonn an deifir chéanna air Carson a aithint mar dhaideo na ndílseoirí. Leoga, leantar den díospóireacht ar Éirí Amach agus is annamh annamh a luaitear Carson agus an comhthéacs aontachtúil. Cén fáth sin?

Níl fiacha ar dhuine bheith ar son 1916 le haithint go bhfuil dhá rang rialacha i gceist chomh fada agus a bhaineann sé leis an éirí amach a phlé. Tá sé intuigthe go mbeidh a léamh féin ag aontachtaithe tuaisceartacha (agus deisceartacha!) ar an eachtra sin sa lá atá inniu. Ach níl sé intuigthe go ligfí an léamh sin leo.

Tharraing an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, mórán díospóireachta ar an ábhar. Tá mórán daoine ag teacht lena dearcadh ar an eachtra agus go leor nach bhfuil.

READ MORE

Tá lucht a cáinte glórach ina héadan agus a lucht tacaíochta níos réamhchúisí á cosaint, ar an ábhar, b'fhéidir, go n-aithníonn siad go bhfuil pobal an Stáit, don chuid is mó, ag teacht léi.

Agus sin an chuid is domblasta den díospóireacht ag lucht cáinte an Éirí Amach - bhain ceannairí 1916 an cath agus an cogadh. Is féidir ceisteanna a chur arbh fhiú an braon fola é. Níl an cogadh chomh fada sin siar nach dtuigeann muid daonnacht na ndaoine a maraíodh ach, maith, olc nó measartha, bhí an lá leis an réabhlóidí.

Agus amharc ar iarsmaí Éireannacha an Aontais, an DUP, i dTuaisceart Éireann.

Tugann ceannaire an príomhpháirtí aontachtúil, Ian Paisley, faoin Uachtarán le linn comhdhála bliantúla a pháirtí. Níl grá aici d'Ulaidh, a deir sé, agus é ag tagairt don leagan ciorraithe den chúige atá sé, agus tá sí "mí-ionraice".

Molann Paisley dlí agus ceart agus fiafraíonn tú díot féin: an é seo an fear céanna a bhí oíche ar mhala shléibhe i gcuideachta slua fear le ceadúnais ghunna ina seilbh acu agus an é seo fear céanna Ulster Resistance faoina mbairéid rua?

Agus is mian leis léacht ar dhlí agus cheart a thabhairt d'ollamh ollscoile dlí? B'fhéidir gurb iad suáilcí sin an Uachtaráin - oideachas, ábaltacht agus éirim aigne - a chuireann as dó.

Mar sin, ceist an-simplí atá le freagairt - más Provo marfach é Pádraig Mac Piarais, an Búistéir fuilteach é Edward Carson?