Moladh do Mary

Chuir na heagrais Ghaeilge fáilte roimh mholtaí an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, an Ghaeilge a threisiú sna …

Chuir na heagrais Ghaeilge fáilte roimh mholtaí an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, an Ghaeilge a threisiú sna scoileanna.

D'fhógair an tAire an tseachtain seo caite go mbunódh sí campaí samhraidh do dhaltaí idir 10 agus 13 bliain d'aois le feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga trí chluichí agus spórt a imirt.

Ceapfaidh sí fosta 30 cuiditheoir a chabhródh le múinteoirí bealtaí nua éifeachtacha chun an Ghaeilge a theagasc. Lena chois sin, caithfidh daltaí aon lá amháin sa bhliain ag plé le drámaíocht trí mheán na Gaeilge.

Dúirt príomhfheidhmeannach gníomhach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, gur "chúis áthais dúinn gur leag sí béim faoi leith ar thábhacht "Grá don teanga" a chur chun cinn i measc na chéad ghlúine eile. Fáiltímid, ach go háirithe, roimh thiomantas an Aire do chaighdeáin labhartha na teanga a ardú mar aon lena glaoch go ndéanfadh daoine eile amhlaidh."

READ MORE

Ba é barúil stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh: "Díreofar níos mó ar an nGaeilge mar theanga labhartha agus mar theanga cumarsáide tríd na beartais nua seo. In éineacht leis na bealaí traidisiúnta do mhúineadh na Gaeilge tabharfar bunús níos láidre don chéad ghlúin eile agus iad ag foghlaim na Gaeilge, an chéad teanga oifigiúil in Éirinn.

"Beidh gá tógáil go córasach ar a bhfuil á chur i bhfeidhm ag an Aire. Beidh, áfach, gá cur leis agus plean comhtháite náisiúnta don Ghaeilge a fhoilsiú agus a fheidhmiú, plean a thabharfaidh fáth ceart ceiliúrtha dúinn agus comóradh céid an Éirí Amach á chomóradh againn i 2016."

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh: "Is gá plean cuimsitheach leis an nGaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais ina iomláine.

"Tráchtann an tAire ar lá drámaíochta trí Ghaeilge uair sa bhliain. De réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr, áfach, ní leor sin agus is gá an Ghaeilge agus ábhar breise a mhúineadh trí Ghaeilge gach lá go dtabharfaidh gach dálta an Ghaeilge leo..."