Nasruidin i ngra

Nuair a bhí Nasrúidín óg thit sé i ngrá. Ach ní raibh a thuismitheoirí sásta

Nuair a bhí Nasrúidín óg thit sé i ngrá. Ach ní raibh a thuismitheoirí sásta. Ní raibh aon chreideamh ag an gcailín!

"Caithfidh tú labhairt léi faoi Dhia!" arsa a mháthair.

"Go deimhin!" arsa an t-athair. "Múin cúpla paidir di!"

"Tá go maith!" arsa Nasrúidín. "Fág fúmsa é!"

READ MORE

Shiúil siad amach ar feadh míosa agus ní raibh d'ábhar comhrá acu ach Dia.

Tráthnóna amháin tháinig Nasrúidín abhaile agus na deora leis go fras.

"Cad tá cearr leat, a stór?" arsa a mhamaí.

"Tá mo ghrá bán imithe uaim!"

"Conas san?" arsa a mhamaí.

"Chuaigh mé thar fóir ar fad leis an gcaint sin ar Dhia! Níl aon ní a shásódh anois í ach a bheith ina bean rialta!"

Sliocht as Nasrúidín (Coiscéim, €7.50) athinsint ar scéalta traidisiúnta ón Mheán-Oirthear le Gabriel Rosenstock.