Nil me a ra ...

Níl mé á rá go bhfuil Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann as teagmháil ach..

Níl mé á rá go bhfuil Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann as teagmháil ach ... cheap siad ceithre oifigeach nua le déanaí. Orthu sin, bhí duine leis an teideal Literature & Language Arts, Robbie Meredith.

Sa bheathaisnéisa sholáthraíonn an chomhairle ar Meredith, ní luaitear cáilíocht ar bith a thabharfadh le fios go bhfuil labhairt na Gaeilge aige.

De réir na comhairle, is é a dhéanann na ceapacháin "embrace important new priority areas within the Arts Council's remit. Crafts, architecture, public art, social inclusion and language arts address vital elements of the Council's strategy up to 2006, with an emphasis on increased access and participation in creative activity.

"They also identify explicitly for the first time within the Council's structure the high priority given to developing the remarkably wide range of artistic and cultural practice pursued by people in Northern Ireland."

READ MORE

Cad é an dóigh a léiríonn an chomhairle gur príomhthosaíocht acu réimse iomlán na n-ealaíon a fhorbairt nuair nach bhfuil labhairt na teanga ag an oifigeach atá ceaptha lena dhéanamh?

Teanga, cinnte, a fhad is gur Béarla atá i gceist.