Niorbh Action Man e Seosamh

Beocheist: An mó coinneal atá ar lasadh don bhreithlá breá i mbliana? Ní bhacann aon duine le 2006 coinneal a leagadh amach …

Beocheist: An mó coinneal atá ar lasadh don bhreithlá breá i mbliana? Ní bhacann aon duine le 2006 coinneal a leagadh amach ar cháca Nollag.

B'fhéidir go seasann na milliúin mionsolas niamhach ar dhíonta tithe áirithe do na 2006 coinneal?

An ceiliúradh d'Íosa i ndeireadh na míosa, an ceiliúradh dá bhreithlá é? Sa bhunscoil bhíodh an mainséar i ndainséar ón suaimhneas a bhíodh i mBeitheal an tráth úd. Bhíodh an radharc de na ríthe, d'Íosa Chríost Beag agus Seosamh faoi smacht is faoi léigear, ní ag na hIosraelaigh ach ag lámha beaga bána buachaillí agus cailíní sna naíonáin shóisir.

Ag am sosa, bhíodh cluichí leis na carachtair. Níor Bharbie í Muire nó níorbh aon Action Man é Seosamh ach bhíodh an-chluiche againn. B'fhuath linn go léir na mainséir leis na carachtair nuair a bhíodar greamaithe go docht le gliú den adhmad.

READ MORE

Sa dráma scoile a bhíodh ar siúl Lá Nollag ar an altóir ag an Aifreann, bhíodh bruíon don phríomhpháirt. Uaireanta bhíodh vóta don Mhuire is fearr.

I rang a sé, bheadh an deis ag na cailíní móra bheith lonnaithe istigh sa mhainséar go réadúil. Mainséar beo, ach go raibh na hasail agus na ba as láthair, breoite.

Ag aon bhreithlá gheobhfá cártaí.

I rith na Nollag bíonn fear an phoist cráite ag na cártaí. Faighimid na dánta faoi iamh a chum ár gcol ceathracha thall i Meiriceá, faoina muintir agus faoi na "seoda" atá acu mar pháistí.

Léimid na litreacha leanúnacha closcríofa. In Éirinn léifeá na hainmneacha ag deireadh an chárta, "Nollaig Shona ó Jim agus Mary". N'fhéadar cé hiad? a déarfá leat féin.

Ar scoil má thugtar an cárta leis an spideog leis an gcuileann á thimpeallú bíonn a fhios agat nach dtaitníonn do chomhghleacaí leat go hiomlán. Má fhaigheann tú an Saintí dearg ar chárta glioscarnach is léir gur sárchairde sibh.

I mo theachsa níl aon chaint ar do bhronntanas a chur ar aghaidh. Coiméadann tú an féirín duit féin. Ní bhíonn liosta ag an té atá ag ceiliúradh a bhreithlae.

I gcóisir d'Íosa scrímid liosta leathan chuig an bhfear sa chulaith dhearg.

Is léir nach bhfuil an Tíogar Cheiltigh faoi cheilt, ritheann sé tar éis na rthe le hairgead a shocrú in aice leis an miorr.

I rith na Nollag, le borradh ar an mbolg, ina suí ar an tolg, tar éis an turcaí, na prátaí rósta, na bachlóga, an slios den cháca Nollag (déanta ag baile) an slios den mharóg chomh maith le píóg mhionfheola amháin nó dhó le cúpla briosca ón gcnuasach galánta ó Galaxy, tugaimid sraithfhéachaint ar ár bhféiríní: Weight Watchers Cookbook; na Nike runners; an chasóg Lowe Alpine; na buataisí sléibhe agus an dearbhán deas don Gym.

Socraímid iad ansan i leataobh.

Ag deireadh an lae, ag piocadh suas na páipéirí ag iarraidh teacht ar chúpla cadhnra do na bréagáin, tagann clabhsúr ar an gceiliúradh.

Treoraíonn na milliúin solas a bhíonn ceangailte de na díonta sinn ionas nach mbeimid sa dorchadas. Is tréimhse leithleasach ar shlí í.

Is am dochreidte é chomh maith mar bímid loitithe le comhluadar agus cairde. Tosaíonn bliain nua agus déanaimid go léir iarracht bheith níos fearr mar dhaoine, go dtí... an chéad Nollaig eile.

B'fhéidir go dtarlaíonn an dallamullóg de bharr na soilse iomarcacha. Bíonn an Nollaig geal go dtí go n-éalaíonn an leictreachas agus timpeallaíonn an dorchadas arís sinn. Bíonn an-ghátar leis na coinnle ansin. Buíochas le Dia go bhfuilid ann!

I mBesancon, bíonn an sneachta ag titim, bog, cosúil le síoga ag damhsa. Is íomhá fhoirfe de Noel í.

Leanann draíocht na Nollag trasna an domhain. Is tréimhse speisialta spéisiúil lán le spraoi agus spiorad í.

Noel, domsa na etre chez moi!