O Doibhlin - 'fear reitithe an chasain'

Ba chuí gur i gcathair Dhoire a rinneadh comóradh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora Breandán Ó Doibhlin ag Éigse Cholm…

Ba chuí gur i gcathair Dhoire a rinneadh comóradh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora Breandán Ó Doibhlin ag Éigse Cholm Cille an deireadh seachtaine seo caite.

Mar a dúirt an tOllamh Ailbhe Ó Corráin agus é ag cur clabhsúir leis na himeachtaí, "ba é Doire ceann scríbe turas na samhlaíochta a rinne laoch an úrscéil An Branar gan Cur".

Agus ba chomhartha ar an ómós a bhí ar an Doibhlineach, agus é ina Ollamh le Fraincis i gColáiste Phádraig Mhá Nuad, go raibh i láthair ag an Éigse dornán maith de chléir agus thuata a bhí bainteach leis an scoil critice a bhunaigh sé sa choláiste sin.

Bhí scéalta á reic acu faoin seasamh a thóg sé in aghaidh na n-easpag nuair a léirigh siad a míshásamh leis an chúrsa litríochta a bhí roghnaithe aige do na hábhair sagairt a bhí ag déanamh staidéir ar an Fhraincis san ollscoil.

READ MORE

Dúradh fosta gurbh é ba chionsiocair le foilsiú An Druma Mór le Seosamh Mac Grianna a raibh an láimhscríbhinn caillte in oifig de chuid an Roinn Oideachais leis na blianta.

Ceannródaí a bhí sa Doibhlineach, nó mar a dúirt comhghleacaí dá chuid in Má Nuad, Tadhg O Dúshláine, "fear réitithe an chasáin," a spreag a chuid daltaí chun grinnléitheoireacht a dhéanamh ar nua-litríocht na Gaeilge agus modhanna critice nua-aimseartha á gcur i bhfeidhm uirthi, rud nach raibh á dhéanamh ag an am sin sna ranna Gaeilge sna hollscoileanna.

Dar le Ó Dúshláine is iad chéad úrscéal Uí Dhoibhlin Néal Maidne agus Tine Oíche a foilsíodh in 1964 agus Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain dhá úrscéal mhóra an 20ú haois.

Is é Micheál Mac Craith, Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a labhair faoi shaothar cruthaitheach an Doibhlinigh, dhá úrscéal agus dráma, Iníon Mhaor an Uachta agus an turas fionnachtana a bhí mar théama i gcoitinne acu.

Ach thar aon rud eile ba é an chaint a thug iar-mhacléinn de chuid an Doibhlinigh, Pádraig Ó Gormaile, atá anois ina Ollamh le Fraincis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a léirigh fairsinge agus doimhneacht léinn Uí Dhoibhlin agus an meas atá air mar scoláire thar lear.

Thug Ó Gormaile cúlra staire trí shaothar Fraincise atá aistrithe go Gaeilge ag Ó Doibhlin, Gargantua le Rabelais, Aistí Montaigne agus Smaointe Paschal agus léirigh sé mar a thug gach ceann acu "doras isteach ar ár gcultúr agus ár bhféinaithne féin".

Agus é ag míniú cén fáth gur roghnaigh an Doibhlineach na húdair Fhraincise seo duirt sé: "Is traidisiún nua-aoiseach, Eorpach agus lárnach atá i gceist, traidisiún a mhaíonn daoine áirithe é bheith chomh tábhachtach le traidisiún na Gréige sa sean-am. Tugann an t-aistritheoir slán as an bhunteanga cuid den saibhreas ar leith atá lonnaithe inti agus cuireann sé ar fáil é i riocht nua na sprioc-teangan.

"Sa sliocht ó Shomhairle Mac Gill-Eàin atá mar epigreaf ar an duanaire de liricí na Fraincise a d'aistrigh Breandán Ó Doibhlin go Gaeilge is é an t-idéal atá os comhair an aistritheora ná suáilcí cruinne a chur ar fáil: "Géar-aigne na Fraince agus na Gréige,/Ceol na hAlban agus na hÉireann". Nach méanar dúinne mar léitheoirí go bhfuil cuid den ghéar-aigne sin curtha ar fáil dúinn as briathra binne na Gaeilge ag fear Mhuintir Luinnigh!"

Léigh Ó Gormaile teachtaireacht i bhFraincis a fuair sé ó Ollamh le Litríocht Chomparáideach in Ollscoil na Lúváine Nua sa Bheilg, fear a bhfuil aithne aige ar Ó Doibhlin agus ar a chuid aistriúcháin ón Ghaeilge go Fraincis: "Abair, le do thoil, leis an Athair Ó Doibhlin go raibh mé ag cur a thuairisce ó chroí agus le hómós agus abair leis go bhfuil sé i mo thuairimse ar dhuine des na daoine is dearscnaí a casadh orm i rith mo shaoil acadúil.

"Thairis sin, ar leibhéal pearsanta agus ginearálta, agus ar leibhéal spioradálta de réir bunbhrí an fhocail, is eiseamláir chuimsitheach é ar ghradam agus ar uaisleacht sin na hÉireann ar chuir mé aithne orthu agus gur mór liom iad a bhuíochas sin díotsa, de-san agus ó shin, de go leor daoine eile."