Odaise spais

An Peann Coitianta: Tá síonchaitheamh garbh déanta ar na héadain chrua ina seasamh ag caitheamh tobac lasmuigh den Aonad A&amp…

An Peann Coitianta: Tá síonchaitheamh garbh déanta ar na héadain chrua ina seasamh ag caitheamh tobac lasmuigh den Aonad A&E.

Éadain spásáilte cuid díobh. Bean thall ag eascainí in ard a cinn isteach i bhfón póca, ag ropadh a cuid feirge ar na minicíochtaí fuaimthoinne isteach i gcluais duine eile. Spéir ghlan oíche ghealaí seaca. Comhéadan é an tAonad idir dhá shaol, pé saol iad.

Star Trek ar an teilifíseán fáiscthe in airde i gcúinne an tseomra feithimh ag géaga miotail. Slua ar na suíocháin ag stánadh, támhnéal ar chuid díobh ag an scáileán nó ag drugaí leighis, nó an dá cheann in éineacht.

Beannaíonn na géaga leonta dá chéile, ach ní deireann na daoine faic. Éiríonn buíon ógánach amach as tacsaí agus tuáille a bhí bán fáiscthe ar a láimh ag an ógfhear sa seaicéad féileacánach.

READ MORE

Leanann na súile faoi thámhnéal iad tamall agus ansin leanann den stánadh. Cuma na scléipe ceansaithe ar an dream isteach, ach siúl na gcos acu. Riarthóirí an Aonaid laistiar de na pánaí gloine righnithe, i mbun próiseála. Buinneán otharchairr ag geonaíl agus ag dul as, ar shroichint gheataí an ospidéil dó.

Lucht slándála ag faire na ndoirse laistigh den aonad cúraim. Othair ar leapacha rothaí ina scuaine. Daoine scothaosta agus críonna is mó, ag feitheamh. Riar gan fuadar ar an áit ag an bhfoireann ghairmiúil. Tá an té atá nuamharbh i seomra ar deighilt ag cuirtíní. Coinnle lasta, agus scrín bheag déanta i gcúinne. Gan aon fhuinneog agus an córas aeroiriúnaithe ar siúl. Ar éigin atá a a clár éadain fuaraithe. Cuma an éin anois ar a héadan, ní foláir nó bhí sciatháin faoin neach gur dhein daonnaí de san aimsir imchian. B'fhuirist corr réisc a shamhlú léi, ach í bheith ina seasamh, ag faire a ghoblaigh sa taoille. Í gan aon chorraíl. Ach, ag faire an choirp tamall, tá an chuma uirthi go bhfuil sí ag análú. Mura bé insint na súl é, is é gnás na hinchinne é.

- Níl aon phaidrín fáiscthe ar na lámha aici, a deir duine de lucht faire an choirp.

- Níor chuimhnigh éinne againn air, arsa duine eile á fhreagairt.

- Is ceart paidir a rá.

- Ár nAthair.

- An bhfuil an Choróin Mhuire ar eolas ag éinne?

- Na Five Sorrowful Mysteries?

- Ar cuireadh an Ola Dhéanach uirthi?

- Cuireadh cheana, ach n'fheadar fén áit seo.

- Mór an obair é nach bhfuil na Five Sorrowful Mysteries againn.

- Raghadsa amach agus beidh fhios ag duine éigin amuigh iad.

Beirt sheanbhan amuigh san aonad cúraim.

- An bhfuil na Five Sorrowful Mysteries ag éinne agaibh?

- Tá go deimhin, a deir beainín amháin. The Agony in the Garden, The Crowning with Thorns, The Scourging at the Pillar, The Carrying of the Cross, The Crucifixion

- An bhfuil fhios agaibh cá bhfaigheadh duine paidrín?

- Thíos sa séipéal i Sráid Thomáis, ach an t-am seo d'oíche.

- An bhfuil aon siopa sa chomharsanacht?

- Tá Spar ag an ngeata cúil thiar.

Amach tríd an aonad cúraim agus tríd an seomra feithimh. Leathann fuaimrian na ngathanna leictreonacha ó Odaisé Spáis na teilifíse amach faoin oíche spéirghealaí seaca. Plabann na doirse uathoibríocha ina dtost iad. Tost na réaltbhuíonta. Dob fhéidir siúl iontu mar a shiúlódh duine i ngairdín agus bláthanna glioscarnacha a stoitheadh sa tsíoraíocht. An Spar ar an gcúinne ag geata Rialto, malartán airgid na Veinéise.

Comhéadan eile, gach aon earra faoin spéir acu ach gan aon phaidrín sa Spar.

- Cár chuais ag triall ar phaidrín?

- 'Dtí an Spar.

- An bhfuairis?

- Amárach a chaithfimid an paidrín a fháil.

- Chuimhníomar ar na Sorrowful Mysteries ó shin.

- Bhíodar ag na mná amuigh.

- The Agony in the Garden.

- Úsáid do mhéireanna.

- Seo leat leis an gcéad deichniúr.

- Tá tú ar nós do mháthar féin anois leis an bpaidrín.

- Cloisim í fós á rá.

Baineann an lucht faire rithim na paidreoireachta amach, diaidh ar ndiaidh, os cionn an choirp. Duine á rá, daoine ag freagairt. Ina lár, cnagann duine den fhoireann leighis ar an ndoras. Stopann an phaidreoireacht.

- Táim féin ag imeacht anois agus m'uain oibre istigh, a deir an bhanaltra i bhfeighil, agus is í Nicola a bheidh anseo i m'áit. Má tá cúnamh ar bith uaibh, labhair le Nicola. Maith dhúinn an brú spáis, ach tá an mharbhlann nua gan críochnú fós. Is saghas Odaisé Spáis againne gach oíche anseo é. Mar a chíonn sibh, leis na leapacha ar rothaí amuigh sna pasáistí.

- Tá do sheacht ndícheall déanta agat.

- Cá rabhamar?

- Ag an gceathrú rúndiamhair. The Carrying of the Cross.

- Leatsa is ea é.