Paisean peile

Tá an colúnaí seo ag baint an-taitneamh as sraith BBC Thuaisceart Éireann, Gaelic Passions (Dé Domhnaigh, BBC2, 10.30 p

Tá an colúnaí seo ag baint an-taitneamh as sraith BBC Thuaisceart Éireann, Gaelic Passions (Dé Domhnaigh, BBC2, 10.30 p.m.)

Díríonn an clár dátheangach a aird ar imeachtaí Bhéal Átha an Airgid, cumann de chuid an CLG i ndeisceart Ard Mhacha, agus is é Jarlath Burns, iar-chaptaen contae, an príomhchainteoir Gaeilge agus an duine is aitheanta ar an scáileán.

Is é an moladh is fearr is féidir a thabhairt don chlár go bhfuil lucht léite an Irish News, páipéar laethúil sa Tuaisceart, ag scríobh faoi ar na leathanaigh spóirt. Ní moladh go dtí é.

Ceann de na rudaí atá tugtha faoi deara acu an oiread droch-chainte a bhíonn ag foireann agus bainisteoirí. Ní fada óna mbéal an f-fhocal Béarla.

READ MORE

Agus mura gcreideann sibh go bhfuil mé ag effing insint na effing fírinne, mholfainn duit an effing clár a bhreathnú. Raidht? Effing raidht!