Pionós cruálach an bháis

BEOCHEIST: THART AR 1850 i Stáit Aontaithe Mheiriceá bhí an tuairim ann go raibh sé cruálach dúnmharfóir a chrochadh.

BEOCHEIST:THART AR 1850 i Stáit Aontaithe Mheiriceá bhí an tuairim ann go raibh sé cruálach dúnmharfóir a chrochadh.

Úsáideadh an chathaoir leictreach den chéad uair i 1888 i stát Nua-Eabhrach, chuaigh cloigeann an té a bhí le marú trí thine. Baineadh úsáid as seomra gáis ó 1924 go dtí gur chuaigh sé as fabhar toisc an chomhcheangail leis na Naitsithe.

Ó 1972 go 1976 níor cuireadh éinne chun báis fad is a bhí an Chúirt Uachtarach ag plé na ceiste “an bhfuil pionós an bháis de réir an bhunreachta?” Bhí, dar leo.

Úsáideadh an tsnáthaid mharfach den chéad uair i dTexas i 1982. Is í an tsnáthaid ghnáthuirlis an bháis anois, snáthaid a insteallann nimh isteach sa bhfuil.

READ MORE

Idir 1976 agus tús Iúil, 2010, cuireadh 1,218 duine chun báis sna Stáit Aontaithe. Meastar go raibh cúpla céad acusan neamhchiontach. Cuireadh 1,000 duine chun báis i stáit an deiscirt (breis is 500 i dTexas agus Virginia), ceathrar san oir-thuaisceart.

Ach is ag an deisceart atá an ráta dúnmharaithe is airde i SAM, an ráta is ísle san oir-thuaisceart. Is cosúil nach gcuireann pionós an bháis bac le dúnmharú.

Fiafraíodh de phóilíní sinsearacha cad a choscfadh dúnmharú. Chuireadarsan réiteach ar fhadhb na ndrugaí is na dífhostaíochta ar bharr an liosta, pionós an bháis ag bun an liosta. Ní chreideann ach 40 faoin gcéad den bpobal gur bac é pionós an bháis.

Táimse ag scríobh chuig fear ar shraith an bháis. Is cairde sinn anois, “Ray” agus mé féin, agus tá súil agam nach sáfar an tsnáthaid ina fhéitheacha go deo. D’iarr máthair an íospairtigh go spárálfaí “Ray”.

Daoine mar ise a thugann maithiúnas is mó a gheibheann “closure” is faoiseamh ón bpian. Chinn an giúiré gan “Ray” a dhaoradh chun báis ach níor ghlac an breitheamh leis an moladh sin. Níl an chumhacht seo, “judicial override”, ag breithiúna ach in aon stát amháin, Alabama.

Anuraidh bhí 3,270 duine ar shraith an báis sna Stáit Aontaithe. Tá thart ar 50 bean ar shraith an bháis. Tá pionós an bháis ag 35 stát. Ach níor úsáid ach naoi stát an pionós sa chéad leath den bhliain seo.

Sa tréimhse sin cuireadh 29 chun báis sna stáit úd (13 i dTexas!) ach tá an ráta básaithe ag titim gach aon bhliain i gach aon stát.

Cuirtear dúnmharú i leith thart ar 14,000 duine gach bliain ach ní lorgaítear pionós an bháis ach i thart ar 300 cás. Roghnaítear na daoine mí-ádhmharacha seo go randamach, geall leis. Tá pionós an bháis randamach ó stát go stát, ó chontae go contae.

Tá pionós an bháis cruálach ann féin. Níor chuir stát Nebraska éinne chun báis le scór bliain. Dúirt údaráis an stáit gur chomhartha na sibhialtachta é “that we punish cruelty without practising it”.

Tá fabhtanna eile sa chóras. Mar shample, i Georgia sna 1980í lorgaíodh pionós an bháis i 70 faoin gcéad de na cásanna inar mharaigh duine gorm duine geal agus i 15 faoin gcéad de na cásanna ina raibh duine geal ciontach as duine gorm a mharú. Ciníochas.

Mar shamplaí eile, bíonn caimiléireacht i measc na bpóilíní is bíonn easpa scileanna is taithí ag dlíodóirí a dhéanann cosaint ar chiontóirí bochta.

Cosnaíonn na hachomhairc atá ina gcuid riachtanach den gcóras an-chuid airgid; tá cuid de na stáit bancbhriste agus an-bhrú dá réir ar na córais oideachais is sláinte.

Toisc sin tá gníomhaireachtaí stáit ag ardú ceisteanna faoi phionós an bháis; tá móramh ann anois a bheadh toilteanach deireadh ar fad a chur leis ach téarma príosúntachta gan parúl a ghearradh ar dhúnmharfóirí. Seans gur sa tslí seo a chuirfear pionós an bháis ar ceal.

An bhfuil a fhios agat go bhféadfaí duine le míchumas intinne a chur chun báis sna Stáit Aontaithe suas go dtí an bhliain 2002 agus ógánaigh faoi 18 suas go dtí an bhliain 2005?

Dochreidte.

Tá mór-eaglaisí na Críostaíochta i gcoinnibh phionós an bháis. Scanraíonn Éireannaigh mé a mholann pionós an bháis a thabhairt ar ais – frithghníomh inthuigthe i gcás daoine gur dúnmharaíodh gaolta leo ach impím orthu scrúdú a dhéanamh ar conas mar atá ag teip ar phionós an bháis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

  • Eolas: tá an tIdirlíon ann – deathpenaltyinfo.org agus ncadp.org – agus leabhair, aon leabhar leis an tSiúr Helen Prejean nó The Top Ten Death Penalty Mythsle R.J. Gerber J. M. Johnson nó fiú leabhar a scríobh "Ray" agus mé féin, Condemned Letters from Death Row