Scoil Lairge

Tógadh céim bheag eile i dtreo meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i bPort Láirge oíche Luain.

Tógadh céim bheag eile i dtreo meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i bPort Láirge oíche Luain.

Bhí réamhchruinniú ag cathaoirleach Choiste Bunaithe Meánscoile Lán-Ghaeilge, Stephen Beatty, le dhá ghrúpa atá iarraidh bheith mar phátrún scoile, mar atá, an Coiste Gairmoideachais áitiúil agus Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.

Mar thoradh ar an chruinniú, déanfaidh an dá eagras cur i láthair i gceann coicíse le léiriú conas mar a thacódh siad leis an scoil. Is go luath ina dhiaidh sin a dhéanfaidh an coiste cinneadh cé acu pátrún a bheidh ann. Dúirt urlabhraí thar ceann an choiste, Donncha Ó Grádaigh, gur cinneadh tábhachtach a bhí ann nó d'imreodh an pátrún tionchar ar mhúnlú na scoile.

Dúirt sé go bhfuair an coiste cead ceistneoir a sheoladh chuig tuismitheoirí fáil amach cad é an dearcadh a bheadh acu féin ar mheánscoil lán-Ghaeilge.

READ MORE

Faoi láthair, tá trí bhunscoil Ghaeilge i bPort Láirge agus tá spéis ag tuismitheoirí sna bunscoileanna Béarla sa mheánscoil fosta, a dúirt sé. Bheadh an coiste buíoch de thuismitheoirí as freagra a thabhairt ar an cheistneoir nó léireodh sé an tacaíocht agus an gá a bhí ann don mheánscoil.

Idir an dá linn, chuirfeadh an coiste eolas ar fáil do thuismitheoirí oiread agus a thiocfadh leo.

Eolas: donncha.ogradaigh@maila.hse.ie c.donohoe@ucc.ie