Scoil na Mumhan

Beidh Daonscoil na Mumhan ar siúl idir an Satharn 21ú agus an Satharn 28ú Lúnasa i mbliana

Beidh Daonscoil na Mumhan ar siúl idir an Satharn 21ú agus an Satharn 28ú Lúnasa i mbliana. Is i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Co Phort Láirge, a bheidh an scoil. Beidh ranganna Gaeilge, ceardlanna filíochta agus léachtaí ar an chlár.

Tabharfaidh an tOllamh Annraoi de Paor caint ar "Roibeárd Mac Ádhaimh: ceannródaí Gaeilge innealtóireachta agus seandálaíochta"; labhróidh an Dochtúir Pádraig Ó Riain ar "Iarsma págánta i gcreideamh na nGael" agus beidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i láthair le labhairt ar "An Ghaeilge sa státchóras - dúshlán agus deiseanna." Eolas: 061-228791; eolas@daonscoil.comwww.daonscoil.com