Seoladh solais

Seolfaidh uachtarán Chonradh na Gaeilge, Nollaig Ó Gadhra, leabhar nua le Regina Uí Chollatáin, An Claidheamh Soluis agus Fáinne…

Seolfaidh uachtarán Chonradh na Gaeilge, Nollaig Ó Gadhra, leabhar nua le Regina Uí Chollatáin, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (Cois Life, €25) Dé Sathairn ag 4 p.m. sa Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath.

Is léachtóir ollscoile ar UCD í Uí Chollatáin. Scrúdaíonn sí stair agus fealsúnacht an dá nuachtán agus an tionchar a d'imir siad ar chúrsaí polaitíochta agus cultúrtha in Éirinn.

Scríobhann sí fosta ar na forbairtí teanga, litríochta agus iriseoireachta eile a bhain leis an tréimhse.