Slogadh Shinn Fein

Is é "2016 - Gan Teorainn, gan Teanga?" an téama a bheidh ag Slógadh Shinn Féin i mbliana

Is é "2016 - Gan Teorainn, gan Teanga?" an téama a bheidh ag Slógadh Shinn Féin i mbliana. Beidh an ócáid ar siúl san aonad Clós Shliabh gCuilinn (Slieve Gullion Courtyard), an Meigh, Co Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine.

Beidh léacht ar chúrsaí póilíneachta oíche Aoine ag 8 p.m.

Beidh díospóireacht oíche Shathairn ar théama na scoile.

Is iad léiritheoir Ros na Rún, Trevor Ó Clochartaigh, an scoláire Máire Ní Annracháin, comhalta de chuid Fhoras na Gaeilge agus comhairleoir le Sinn Féin, Gearóid Ó hEara agus Cathaoirleach Choiste na Gaeilge in Iúr agus Mhórn, Éamonn Ó Gribín a bheidh ag caint. Eolas: 01-8726100