Tacaiocht ealaionta

Tá dea-scéal inteacht le fáil ag lucht tacaíochta na n-ealaíon Gaeilge

Tá dea-scéal inteacht le fáil ag lucht tacaíochta na n-ealaíon Gaeilge. D'fhógair Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann ardú airgid don chompántas drámaíochta Aisling Ghéar, do Chultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, agus don Ghaeláras i nDoire, Dé Luain.

£130,000 atá ag dul don Chultúrlann, ardú 30 faoin gcéad ón £100,000 a fuair siad anuraidh. Tá ardú 30 faoin gcéad faighte ag Aisling Ghéar, ó £50,000 go £65,000 agus tá £25,000 tugtha don Ghaeláras. Níl athrú ar bith ar bhuiséad na hirise míosúla, An tUltach. £6,000 atá ag dul dóibh arís.

Gan amhras, cuirfidh lucht na Gaeilge i mBéal Feirste agus i nDoire fáilte roimh an ardú airgid. Ach is doiligh gan a bheith ciniciúil faoi chur chuige an Chomhairle Ealaíon. Seachas plean a chur ar fáil a chothódh na healaíona tríd an Tuaisceart ar fad, díríonn siad ar na príomhchathracha agus déanann neamhiontas de gach dream eile.

An gcreideann an chomhairle nach bhfuil obair ealaíne ar siúl i gceantair eile? Cén straitéis atá acu leis an éileamh ar ealaín i measc lucht na teanga a chothú?

READ MORE

Diabhal plean.