Teach an tSagairt

Craolfaidh TG4 clár, Teach an tSagairt, clár faoi shaol agus shaothar an Athar Liam Hayes san Airgintín Dé hAoine

Craolfaidh TG4 clár, Teach an tSagairt, clár faoi shaol agus shaothar an Athar Liam Hayes san Airgintín Dé hAoine. Is ón Cheapach Mór, Co Luimnigh, Hayes ó dhúchas ach is ag obair thar sáile le fada atá sé.

Dúirt scríbhneoir an chláir agus duine d'eagarthóirí nuachta TG4, Breandán Delap, gur "gheall le Máthair Treasa Mheiriceá Theas é an tAthair Liam Hayes. Bhunaigh sé dhá ionad dídine in Obera i dtuaisceart na hAirgintíne - ceann amháin do dhaoine míchumasacha agus ceann eile do sheandaoine nach bhfuil in inmhe aire cheart a thabhairt dóibh féin.

"Lá dá shaol atá faoi chaibidil sa chlár agus i rith an lae sin bíonn air teacht i gcuidiú ar fhear atá ina chónaí i mbothán sa dúfair nach bhfuil ábalta aire a thabhairt dó féin. Bhí oiread gliondair ar an seanfhear nuair a bhain sé a áit cónaithe úr amach agus fáil aige anois ar uisce reatha agus ar chompoird an tsaoil."

Ina measc siúd a bheidh faoi agallamh, tá Donncha Ó hAodha (deartháir an Athar Hayes agus léachtóir le Gaeilge in NUIG), Paula Ní Shlatartha, iar-Ambasadóir na hÉireann chun na hAirgintíne agus an t-iriseoir Ronan Mullen.

READ MORE

Beidh Teach an tSagairt ar siúl ar TG4 Aoine an Chéasta ag 6.30pm