TG Yee-ha!

Chan yee-ha! go dtí é - tá Ceol Tíre ar ais ar TG4, láithreoir nua, Aoife Nic Fhearghusa, ina bhun agus Blake Shelton le Some…

Chan yee-ha! go dtí é - tá Ceol Tíre ar ais ar TG4, láithreoir nua, Aoife Nic Fhearghusa, ina bhun agus Blake Shelton le Some Beach an chéad amhrán a chualathas.

Bhain amhrán Shelton leis an íde a thugann an saol laethúil dúinn uilig anois agus arís. Bhí an saol anuas ar Bhlake bocht agus é ag éirí éalú go trá inteacht, (anois a thuigeann tú an teideal), Tír na hÓige dá chuid féin a bheadh ann.

Carranna coimhthíocha bheith ag dul thar bráid agus ag déanamh beag-is-fiú dó agus dá Dhodge pickup na rudaí is mó a bhí ag cur as do Bhlake bocht. Lucht tiomána Ferrari agus Mercedes ba mheasa agus iad ag ól latte.

Tá sé róluath sa bhliain úr éirí teibí ach an dtuigfimis as an amhrán gurb é seo an léiriú is nuaí den seobhaineachas Poncáncach - gráin a léiriú ar mhoncaithe géilliúla na hEorpa trí ghráin a léiriú ar a gcuid carranna?

READ MORE

Má chaitheann tú Stetson agus bróga buachaill bó - a la Seoirse Dubya - caithfidh tú seancharr meirgeach Poncánach a thiomáint, is cuma gur snasta an dearadh atá ar channa pónairí ná carranna Meiriceánacha.

Níl am ar bith nach bhfeicim Ceol Tíre nach gcuireann sé amhráin mhuintir na muineál dearg eagla orm. Bíonn daoine cráite ag grá, dallta i ngrá nó bíonn siad ar buille le fearg.

(Is iad na daoine ar buille an chuid is contúirtí; bíonn gránghunnaí ag a gcuid daidithe siúd, bíodh a fhios agat. Níos measa, tá airm núicléacha ag an bhuachaill bó is mó amuigh.)

Ó tharla iad bheith ag tarraingt as an tobar céanna, ní hiontas é gurb ionann amhrán amháin agus amhrán eile sna cairteanna ceol tíre, is cuma cé acu Wayne nó Payne nó Dwayne atá á rá. Cloífidh mise le k.d. lang.

Chraol TG4 sraith nua grinn FFC an tseachtain seo caite fosta. De dhéantús na ndaoine céanna a thug C.U. Burn agus Gleann Ceo dúinn an clár seo.

Ar fhianaise an chéad chláir, leathuair saor ó stró a bheidh ann. Bhí mír nó dhó ann a bhí thar barr - fear amháin á rá go raibh fear eile "sna horrors" as drochphoitín a ól.

Líne ghreannmhar a bhí ann agus beidh níos mó dá cineál de dhíth má tá borradh le bheith faoi FFC.

Ach níl eagla ar lucht FFC greann aiféiseach a úsáid. Léim carachtar amháin, Fiachra, (Bernard Ó Duibheannaigh) as eitleán le paraisiút agus tháinig chun talaimh in uaigh a athar, rud, aisteach go leor, nár chuir olc ar a mháthair ar chor ar bith. Chuir sise, Úna (Mairéad Nic Grianna), fearadh na fáilte roimhe.

B'fhéidir gur gnás Conallach é seasamh ar chónra d'athar nó b'fhéidir go raibh ábhar spairne acu leis an fhear marbh. Dhéanfadh sé ábhar maith amhráin do Wayne nó Dwayne nó Payne.