Torquemada

Crobhingne: Is bocht ar fad an dul chun cinn atá déanta ag an gcine daonna maidir leis an rud is diamhaire amuigh nó istigh …

Crobhingne: Is bocht ar fad an dul chun cinn atá déanta ag an gcine daonna maidir leis an rud is diamhaire amuigh nó istigh le 500 bliain anuas.Alan Titley

Is fíor gur féidir linn trealamh a chur go dtí Mars ach nach féidir linn féachaint isteach sa bhlaoisc bhig sin atá á hiompar ag cách agus ag cac a chéile.

Mar is istigh ansin atá na hiontais nach bhfaca mac an bhacaigh fós. Ar an gcuid amuigh de, is é ár maíomh go bhfuil dul chun cinn teicniúil déanta againn, gur féidir linn an corp a theascadh soir siar seachas aniar aduaidh le sceana níos míne seachas le sluaistí níos raimhre. Is mór an faoiseamh é sin don té atá ag dul faoi láimh an mháinlia.

Ach n'fheadar ina dhiaidh sin. Tá trácht na mórchathrach chomh tiubhneamhinghluaiste is a bhí sé dhá scór bliain ó shin, agus is é an páirtí ceannan céanna atá i gcumhacht agus gan aon ní foghlamtha aige idir an dá linn. Ar éigean go bhfuil burgairí Mhic Dhomhnaill aon phioc níos blasta anois ná mar a bhí glúin ó shin.

READ MORE

Agus, níl aon amhras, nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le heolas a bhaint as príosúnaigh go deonach, go fiú is leis na giúirléidí agus na síceolaithe saineolanama is fearr dá bhfuil ar fáil.

Cuireann seo díomá go héag orm. Is féidir leis na Meiriceánaigh agus le hImpire an Domhain diúracáin chruinnamais a chur ag polladh súil na snáthaide trí lánchathair luchtaithe ar son aon duine chiontaigh amháin a shmísteadh ina shmidiríní agus gan baint le haon duine eile ar bith, agus ní féidir leo an t-eolas is soiléire amuigh a bhaint as príosúnaigh gan dul i mbun modheolaíochta a mbeadh an modheolaí is modhúla amhrastúil ina thaobh.

Ba chuma leat, ach is cuma nó seanstair na hEorpa é an sás pianpháise is éifeachtaí amuigh ar cuid de chultúr na hEorpa iad chomh dearfach leis an Vatacáin, le Mozart, le Dachau, le Ceart an Duine, leis an gComórtas Eurofíse iad.

Ár gcara, Art Ó Laoire, a bhíodh ag marcaíocht is ag falaireacht ar shráideanna Mhagh Chromtha sular tháinig an dlí dlisteanach dlithiúil suas leis, is amhlaidh gur ag troid ar son Mháire Treasa na hOstaire a bhíodh sé roimhe sin.

B'fhéidir go raibh an t-ádh le hArt nár gabhadh é, agus nár cuireadh modhanna ceistiúcháin Mháire i bhfeidhm air, mar is í a bhí oilte ar an gceird.

Scríobh sí leabhar ina raibh cur síos ar na bealaí ab fhearr le heolas a bhaint as duine ar bith, bíodh an t-eolas aige nó nach mbíodh. Agus bhí trealamhlann aici de na giúirléidí agus de na huirlisí agus den fhearas is fearr dar cheap dia nó deamhan nó banríon riamh.

Is é oighear diachrach an scéil é nach bhfuil puinn dul chun cinn déanta againn ó shin. Go deimhin, is féidir a áiteamh gur ag dul ar gcúl atáimid san chogadh síoraí ar son na sibhialtachta agus an tsolais agus i gcoinne na doircheachta agus na drochintinne. Bhí fearas stéitobhdíeart ag Máire Treasa.

An Mhaighdean Spíceach ina gcuirtí daoine leis an anam tur te a fháisceadh astu uigh ar n-uigh; an seanraca a chuireadh orlaí leat in ainneoin an Bhíobla a mhaígh nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh; An Braon Anuas go malltriallach ar an gcloigeann nach raibh aon phuinn inchomórtas leis na hingneacha fada a stoití ceann ar cheann lena cheart a thabhairt dóibh araon; An Báthadh Brocach a raibh baint éigin ag leithreas leis; An Crann Céasta, a ndúrthas ina thaobh gur ghoid sí na smaointe ó na Rómhánaigh.

Goilleann sé orm nach raibh aon rian den tsamhlaíocht ag baint le modhanna ceistiúcháin na bPoncánach. Is féidir le haon amadán as carabhansaraí Mheiriceá bugaireacht a dhéanamh ar bhuachaillí óga. Ní báille go bumbáille príosúin tar éis an tsaoil.

Is fíor nach raibh toitíní le fáil go flúirseach in aimsir Thomáis de Torquemada, ach ní féidir a rá go bhfuil siad níos éifeachtaí ar an gcraiceann bog ná birín beo na tine.

Agus n'fheadar an dul chun cinn é madraí a scaoileadh den éill seachas leoin a chur ag cogarnaigh siar leo ar bhóithrín na neamhsmaointe. Agus má bhíodh húda ar bhean, nárbh é a chothroime a shamhail chéanna a sholáthar do na fir?

Ach ina choinne sin, is cúis bhuartha dhúinn nach bhfuil na modhanna nua-aimseartha ceistiúcháin is fearr ag na Meiriceánaigh tugtha leo chun na hIaráice.

Dona an scéal é más i dtaobh le modhanna na méanaoiseanna atáimid fós. Ba dhóigh leat gurbh oilte ná sin a bheimis faoi seo.