Tuairisc eisiach o Ghaeltacht Ghuantanamo

Brrrh! Agus fáilte, a chairde an tsneachta, go Tuaralaska na seachtaine seo

Brrrh! Agus fáilte, a chairde an tsneachta, go Tuaralaska na seachtaine seo. Is mise Pól Eskimo Ó Muirí agus seo agaibh tuairisc eisiach ó Ghaeltacht Ghuantanamo, áit nach n-úsáideann ach 20 faoin gcéad den phobal an Ghaeilge go laethúil agus áit ar chéasaigh mé pobal iomlán oileáin - leis an Tuiseal Ginideach!

Ní tada iad modhanna ceisteacháin an CIA nó an NKVD le cois mo chuid ceisteanna cruálacha míthrócaireacha. Ní ciapadh go copail; ní scéin go séimhiú; ní Gestapo go Gaeilge.

Is iad a bhí dalba mar phobal sular tháinig mise i láthair; gan ar a n-aird acu ach peil agus an LUAS. Chuir an radharc déistin orm - chonaic mé smacht ní b'fhearr i bhfeidhm i naíscoileanna.

Ba léir dom láithreach go raibh fadhbanna móra ag Coláiste Chúba agus go raibh an t-uafás airgid á chur amú ar chomharthaí dátheangacha. Tuigeann gach duine an focal "príosún"; ní gá é a litriú i mBéarla.

READ MORE

Níorbh fhada dom bheith abhus gur thuig an pobal go raibh sirriam nua ar an bhaile, póilín nua i mbun an bhata scoir: "Má chluinimse focal amháin eile Béarla, cuirfidh mé an t-iomlán léir agaibh ar an bhus abhaile. Cuimhnigí ar ár mana: chun glóire Alla agus na hÉireann."

Chuir sé sin deireadh leis an gheabaireacht; ní raibh duine ar bith ag iarraidh dul abhaile ar an chéad bhus.

Ba mé a bhí sásta; chonaic mé an eagla Arabach ina súile; iad reoite le himeagla mar go raibh an Cigire Gaeilge ina láthair agus an scrúdú béil ar tí tosú.

"Tusa, Abdul 'Ac Grianna! Cuir Gaeilge air: the little man's big red hat," arsa mise le duine acu agus mo mhéara casta thart ar a mhuineál beag donn, cleas a theagasc na Bráithre Críostaí dom agus iad ag sá na Gaeilge síos siar mo sceadamán beag bocht féin.

"Hat dhearg mhór an fear small," ar seisean i nGaeilge chomh lofa sin gur shíl mé gur ar ais sa Cheis leis na Provoanna a bhí mé.

"Seafóid. Contráilte. Teipeann ort. Tá do rás rite agus do chás tite. Ní bhfaighidh tú fáinne airgid féin as an mhéid sin. "

"Tusa, Mohammad Mag Uidhir. Cuir Gaeilge air: tear gas; electric shock; rubber truncheon; I didn't lay a finger on him, m' Lord."

"Níl na focail sin ag de Bhaldraithe."

"Seafóid. Beidh brón ort anois, a stór, sin bliain iomlán de An Ghramadach Faoi Ghlas duit. Beir ar ais chun an chillín iad agus ná bac le dlíodóir - cúntóir teanga atá de dhíth orthu ar fad mar níl mise ag tabhairt Scrúdú Cáilíochta sa Ghaeilge dóibh."

Tháinig duine eile isteach. "Tusa," a dúirt mé leis, "abair an fhírinne liom faoi Red Joe Mac Dubai agus arm an Fhorais agus tabharfaidh mé post buan múinteoireachta duit. An fíor go bhfuil pleananna acu stát Stalineach a bhunú i gConamara? Cén bhaint atá aige leis an ghrúpa seo, al-Titley?"

"Tá mé...tá mé...tá mé...Iósef."

"Scrios Alla ort, a chailleach an turbain. Ná truailligh mo chluasa le do chuid droch-ghramadaí. Nach eol duit an difear idir "is" agus "tá"? Tá a fhios agat anois cad é a tharlóidh duit?"

"Buailfidh tú an cac asam le bata mór adhmaid."

"Níos measa ná sin, a stór. Cé acu ab'fhearr leat: bleaist den sean-nós; cúrsa samhraidh i dTír Chonaill na fearthainne agus an fhuachta nó ligean do na madaidh tú a ithe."

"Na madaidh," a dúirt sé, "na madaidh. Scaoil as oileán seo na jailtachta mé. B'fhearr liom go n-íosfadh siad na putóga asam in áit lá eile a chaitheamh ag foghlaim Gaeilge..."