An cárta Brexit

Sáinn na Breataine, deis na hÉireann?


Bhuail an Taoiseach Enda Kenny le príomhaire na Breataine David Cameron an tseachtain seo caite agus bhí Brexit – imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach – ar cheann de na hábhair a phléigh siad.

Dúirt Kenny go gcothódh a leithéid d’imeacht “serious difficulties” don Tuaisceart.

Níor luaithe an méid sin ráite aige gur cháin polaiteoir sinsearach de chuid an DUP, Nigel Dodds, é á rá nár dá ghnóthaí cúrsaí polaitíochta inmheánacha Thuaisceart Éireann.

Tagairt annamh don Tuaisceart i gcaint an Taoisigh a bhí ann. Ach an mbeidh mórán vótóirí sa Tuaisceart ag iarraidh cuidiú leis chun na “serious difficulties” a sheachaint? Nó, ar íoróin an tsaoil, beidh vóta ag Ultaigh chantalacha i reifreann na Breataine le socrú cé acu a imeoidh an Bhreatain as an aontas nó fanacht ann. Imreoidh an vóta sin tionchar nach beag ar an Stát ó dheas. Rud annamh eile.

READ MORE

Is é rogha Cameron fanacht san aontas ach margadh ‘nua’ a fháil. Shílfeá gur sin an rogha a bheadh ag náisiúntóirí de chuid an SDLP agus lucht leanúna Shinn Féin. Bhí an SDLP riamh tugtha don aontas nó thug sé ardú céime ar ardán idirnáisiúnta dóibh agus ba mhaith mar a bhain iarceannaire an pháirtí, John Hume, úsáid as an deis le haird a tharraingt ar a chuid polasaithe. Bhí Sinn Féin i gcoinne an aontais ar feadh i bhfad – go dtí gur éirigh leo suíochán agus deontais a fháil agus tá siad ar a shon ó shin.

Leoga, níor chuir Michelle O’Neill (SF) aire talamhaíochta an Tuaiscirt fiacail ar bith ann agus í ag cosaint an aontais an tseachtain seo caite le linn ócáide i mBéal Feiste.

Bheadh Brexit “disastrous” don tionscal bia agus feirmeoireachta; bhí sé “deacair” a fheiceáil go mbeadh teacht ar mhargaí an aontais; bheadh tionchar “catastrophic” ar ghnó tras Teorann.

(Dála an scéil, ní raibh mórán sa difear idir an méid a dúirt O’Neill faoi bhuntáistí an Aontais Eorpaigh agus an méid a bhí le rá ag Tóraithe Shasana faoi bhuntáistí na Ríochta Aontaithe agus iad ag iarraidh pobal na hAlban a scanrú gan vótáil ar son neamhspleáchais nó, leoga, an méid a bhí le rá ag aontachtaithe Éireannacha tá 100 bliain ó shin agus iad ag iarraidh ar náisiúntóirí gan an Ríocht Aonaithe a fhágáil.)

Mar sin de, beidh náisiúntóirí de gach aon imir ag vótáil le fanacht san aontas agus níor chóir go mbeadh lá imní ar Kenny faoi “serious difficulties” sa cheathrú páirc ghlas?

Seasfaidh náisiúntóirí le chéile ar son na hÉireann agus ar son na hEorpa leis an chat mara a sheachaint.

Bhuel, seans. Ach má tá Cameron ar son an aontais, ar cheart go mbeadh náisiúntóirí an Tuaiscirt ar son Cameron?

Is cinnte go ndéanfaidh lucht tacaíochta an aontais mórán cainte faoi na buntáistí eacnamaíochta agus polaitiúla a bhaineann leis agus iarrfar ar dhaoine bheith ciallmhar: is fearr blas ar an bheagán Eorpach und so weiter.

Ach ach ach... Agus an chaint ar fad faoi Éirí Amach na Cásca agus daonlathas ar siúl faoi láthair, beidh cuimhne ag go leor daoine gur mhol duine de Thóraithe gránna na haoise caite, an Tiarna Randolph Churchill, an “cárta buí” a imirt le toil dhaonlathach náisiúntóirí chun Rialtas Dúchais a chur ó mhaith. An bhfuil an t-am ag náisiúntóirí cúiteamh a dhéanamh le Churchill cóir agus an cárta Brexit a imirt le toil Cameron agus sliocht Churchill a chur ó mhaith?

Cad chuige nach ndéanfadh?

Ní díoltas amháin a bheadh i gceist. Tá mórán pobalbhreitheanna agus neart tuairimíochta sa Bhreatain go mb’fhéidir go mbeadh tromlach ar son imeachta i measc phobal Shasana. Creidtear go mbeidh na hAlbanaigh ar son fanacht san aontas.

An cheist atá cuid mór tráchtairí anois ag cíoradh ná cad é an riocht a bheadh ar an Ríocht Aontaithe sa chás sin?

An gcuirfeadh sé borradh faoi reifreann eile in Albain ar son neamhspleáchais agus cos i bpoll sa Ríocht Aontaithe sa deireadh? Tá iar-phríomhaire na Breataine, Tony Blair, den tuairim go rachadh na hAlbanaigh a mbealach féin sa chás gur cailleadh an vóta chun fanachta.

(Cuirfidh an cheist chéanna crua ar roinnt aontachtaithe. Bheadh roinnt acu sásta imeacht ach an gcuirfeadh an vóta sin dlús faoi shaoirse na hAlban de thaisme?)

Más náisiúntóir neamhurchóideach as an Iúr thú nó tírghráthóir as Tóin re Gaoith nó Shinner gan sárú as Seascann Odhar – duine den chosmhuintir nár éist uaisle riamh leat – nár mhaith leat cos i bpoll a chur sa Ríocht Aontaithe, deis eile chun neamhspleáchais, b’fhéidir, a thabhairt do phobal na hAlban agus má chothaíonn sé “serious difficulties” do Enda Kenny, nach bua sa bhreis é sin nó cad é a rinne Kenny ná Fine Gael duit riamh?

Sáinn na Breataine, deis na hÉireann?

Is cinnte nach bhfuil go leor vótaí sa Tuaisceart, idir aontachtaithe agus náisiúntóirí, le go mbeadh siad in ann buille marfach a bhuaileadh ar dhóigh amháin nó eile.

Toghann muintir an Tuaiscirt triúr feisirí do pharlaimint na hEorpa as measc na 73 feisire Eorpach atá ag an Ríocht Aontaithe.

Mar sin féin, chuirfeadh vóta láidir agóide le deacrachtaí Cameron ina pháirtí féin, idir é agus náisiúntóirí na hAlban agus idir é agus an chuid eile den aontas – ar an chuid is lú de.

Nár leor an cathú é sin ar náisiúntóir Ultach ar bith le vótáil ar son Brexit agus taibhse Churchill a chur ó chodladh na hoíche?