An tost á scagadh

‘Féach ar na bréagáin ar chaith tú oiread sin dua leo’


Nár airigh tú é? Nár thug tú faoi ndeara cheana é? An bhfuil tú bodhar ar fad, nó an amhlaidh go raibh cónaí ort ar phláinéad éigin eile?

Mhothaigh mé féin é an mhaidin cheana agus mé ag siúl amach ar an sioc. Bhraith mé an folús i dtosach, agus de réir a chéile tháinig rud éigin eile isteach ina áit.

Ba bhinn liom an madra ag amhastraigh go fiú is má thug sé áladh faoi chois mo bhríste. Guldarnach innill i bhfad uaim, ar comhartha é go raibh na Polannaigh tosnaithe ag obair arís, ba dhóbair dom fáilte a chur roimhe.

Chuala mé nuacht an lae don chéad uair le tamall. Níor ghá mórán airde a thabhairt air, in ainneoin mo dhóchais, bladar éigin mar gheall ar ghaeaing nua pholaitiúil nárbh fhine ghoul ná feannadh fáil ná an luch oibre ná muid féinig iad.

READ MORE

Beagán eile um chomhaireamh cloigne i gcás go mbeadh olltoghchán ann uair éigin.

Ach i leataoibh uaidh sin, b’é an ciúnas ar thugas suaithinseacht dó.

An tost síoraí. An bháine fuaime nár airíomar le míonna fada anuas. Ábhar eile ag ionsaí ár gcluasa ar deireadh. Comhartha, b’fhéidir, go raibh saol eile amuigh ansin a ligeadh i ndearmad.

Fianaise nár samhlú ar fad an t-am sin sular réabadh caille an ghnáthshaoil.

Cad d’imigh air, Rudolf na sróine rua, agus Basher agus Dancer agus Duncer agus Vixen agus Copit agus Stupid agus Doner Kebab agus Blitzen (agus Olive, an réinfhia eile), gan trácht ar an drumadóirín beag a chuaigh reat-a-tait-tait, agus na cloigíní ag clingearnach tríd an sneachta, agus na cnónna chrann capaill á róstadh ar an tine, agus tú ag taibhreamh faoi na Nollaigí sneachtúla mar a bhíodh againn fadó, agus an dá fhiacail thosaigh úd arbh iad a theastaigh uait go dóite, agus an phatraisc sa chrann piorra, agus na trí chearc fhrancacha, agus na cúig fáinní óir, agus na cailíní deasa crúite ag bleán, agus na mná uaisle ag rince, na tiarnaí ag pocléimnigh, na píobairí ag píobaireacht, agus an tsíóg ar spíce an chrainn?

Nárbh iad a bhí farainn gan sos gan sánas gan stop gan staonadh gan stuanú le cúpla mí anuas ionas gur dhóigh leat gur mhian leat na réinfhianna a róstadh ar an tine oscailte, an dá fhiacail a bhualadh siar ina bhéal ar Shanta Claus, agus spíce an chrainn a shá isteach sa chéad neach eile a cheolfadh ceann ar bith díobh.

Agus cogar seo liom: cad a tharla don bhuachaill beag ar dhein Santa dearmad air, is nach raibh a fhios aige go raibh tú go deas nó go dána, is nach raibh Santa ag triall chun an bhaile, agus ag teacht anuas an tsimné anocht, agus nach bhfacthas Mamaí á phógadh faoi bhun an drualuis, agus nár fhág sé bronntanas ag Frostaí an fear sneachta, agus nár theastaigh uait a scornach a sciúgadh tar éis cúpla seachtain…?

Is dóigh leat go bhfuil an saol ar ais ar a sheanléim, ach féach ort timpeall.

An bhfuil spíonlaigh an chrainn Nollag scuabtha súite isteach go fóill?

Bíodh cuma mhaith ar an seomra suite nó ná bíodh, is féidir a bheith deimhnitheach de go bhfuil cúpla ceann i bhfolach go sleamhain slán buailte ar fiarlóid dóibh féin laistiar den phianó sin a cheannaigh tú dod iníon trí bliana ó shin is nár seinneadh port ar bith air fós.

Agus féach – nó, b’fhearr fós – ná féach ar na bréagáin ar chaith tú oiread sin dua leo agus a bhfuarthas oiread sin pléisiúir cúig nóiméad astu maidin lae Nollag.

Má tugadh póg don fhlurbaí beag bog sin cúpla uair, ar tugadh póg ar bith eile dó tar éis lá le Stiofáin?

Mura bhfuil an Mariokart ag obair níos mó cá bhfuil sé anois?

Cén fáth an bhfuil an píosa Lego sin a cailleadh is ar caitheadh oiread sin ama á lorg ar fáil anois sa mharóig nár itheadh fós?

An raibh tú rófhlaithiúil nuair a cheannaigh tú an Transformarán Stompach Clumpach sin, dá mhéid aireachas is nár tugadh dó - ach níl luach ar bith ar shonas an linbh agat, nach fíor – go háirithe nuair a caitheadh formhór an lae ag súgradh leis an mbosca féin?

Nó b’fhéidir gur cheannaigh tú Elsa Ghlioscarnach Reoite do chailín óg do chroí toisc go ndúirt Disney leat é, agus bhí té díobh ag gach cailín eile.

Is fíor go raibh amhras ort nár íoróin ar fad é banphrionsaí a bheith reoite agus gur droch-cháil a bhí ar a bhformhór, ach scaoil tú an méid sin tharat ar son na Nollag.

Ach tá áthas anois ort nach dtógfar amach níos mó í, ar nós nach gcloisfear feasta Rudolf á cheol, ná na dinglí chloigíní á gclingíneacht …

Nach bhfuil?

Lándíríre?

Admhaigh é!