Ar seachrán sa chathair Oíche Nollag

Ní dhéanann an gasúr beag dearmad de chineáltas strainséara


Sílim go raibh mé trí go leith, nó ceithre bliana d’aois, nuair a chuaigh mo mhuintir isteach go Sráid Sheoirse i mBaile Átha Cliath, Oíche Nollag sna 1950í, chun siopadóireacht dheireanach na Nollag a dhéanamh.

Bhí mé ar láimh ag mo dheirfiúr Máire a bhí ocht mbliana d’aois, fad a thiomáin mo thuismitheoirí an leanbh Brian rompu sa phram.

Bhí an tsráid plódaithe le daoine ag brostú leo agus bhí gliondar orm ag féachaint ar na soilse Nollag agus ag féachaint isteach fuinneoga na siopaí lena mbréagáin ildaite.

Bhí mé tar éis bualadh le Daidí na Nollag féin agus bhí greim daingean agam ar mo bhronntanas beag Nollag uaidh.

READ MORE

Nuair a shroicheamar siopa mór Pims leath mo shúile le hiontas.

Istigh i bhfuinneog an tsiopa bhí Daidí na Nollag féin ina charr sleamhnáin á tharraingt ag sé réinfhia. Bhí tús áite ansin ag Rudolf lena shrón dhearg lonrach.

Stán mé isteach agus mé faoi dhraíocht ag an radharc.

Is cosúil go raibh mé chomh tógtha sin leis nár thug mé faoi deara an t-am ag sleamhnú thart ná mo dheirfiúr Máire ag scaoileadh a greama ar mo láimh.

Nuair a d’fhéach mé mórthimpeall ní raibh tásc ná tuairisc de mo mhuintir le feiceáil agus ba bheag nár thit an t-anam asam.

Is cuimhin liom a bheith ag féachaint aníos ar na mílte cos is corp ag dul tharam agus bhí líonrith orm nuair a thuig mé go raibh mé ar seachrán.

Bhí comhairle mo leasa tugtha ag m’athair dom tamall roimhe sin. Mhol sé dom, dá mbeinn ar seachrán riamh, teagmháil a dhéanamh le garda, dá bhféadfainn agus a mhíniú dó an cruachás ina raibh mé.

Chonaic mé garda ach bhí seisean i lár na sráide ag stiúradh thrácht na cathrach ina lámhainní fada bána. Bheadh sé ródhainséarach rith chuige chun an scéal a mhíniú dó.

Bhí idir óg is sean ag plódú na sráide. D'fhéach mé aníos go dtí go bhfaca mé fear a raibh aghaidh chineálta aige agus dúirt leis: "A fhir uasail, tá mé ar seachrán. Ní féidir liom teacht ar mo dhaidí ná mo mhamaí." Deora Tháinig na deora liom ansin agus chaoin mé uisce mo chinn.

D’fhéach an fear seo go báúil orm, thug ina bhaclainn mé agus labhair liom go cneasta: “Ná bí buartha a bhuachaillín, ní fada go dtiocfaidh do thuismitheoirí ar ais.”

Faoin am seo bhí slua bailithe agus iad ag féachaint ar an bpáiste beag seo a bhí ar seachrán. Chuala mé bean óg amháin á rá: “An créatúr bocht. Nach mbeirfeá abhaile leat é!”

Dar liom gur chaith mé cúpla nóiméad eile leis an Samáireach Fónta seo agus ansin, i bhfad uaim, thug mé faoi deara aghaidh m’athar ag nochtadh as an slua agus mo mháthair agus Máire sna sála aige.

B’álainn an radharc é agus ba mhór an faoiseamh dom iad a bheith ar ais.

Ghabh siad buíochas ó chroí leis an bhfear a tháinig i gcabhair orm agus ansin d’fháisc mo mháthair go teann lena hucht mé.

Fuair mé míle póg agus barróg agus níorbh fhada gur tháinig mé chugam féin arís.

Mhínigh m’athair céard a tharla: cheap mo dheirfiúr Máire go raibh mé tar éis bualadh ar aghaidh le mo thuismitheoirí agus cheap siadsan go raibh mé fós ar láimh aicisean taobh thiar díobh.

Ba mhór an sólás dom mo theach a shroicheadh arís, um thráthnóna, an crann Nollag lasta a fheiceáil agus na maisiúcháin Nollag éagsúla ar na géaga.

Chodail mé go sámh an oíche sin agus mé ag tnúth le teacht Dhaidí na Nollag an mhaidin dár gcionn ach, ar feadh tamaill fhada ina dhiadh sin, ba mhinic a dhúisigh mé ag bárcadh allais as tromluí ina raibh mé ar seachrán arís.

Rinne mé deimhin de, as sin amach, greim an fhir bháite a bhreith ar láimh m’athar nó mo mháthar, go háirithe dá mbeimis sa chathair mar bhí ceacht dóite foghlamtha agam.

Sé bliana déag ina dhiaidh sin agus mé ag obair go páirtaimseartha mar mhac léinn sa Downingtown Motor Inn i Pennsylvania na Stát Aontaithe, tharla go raibh mé sáinnithe in ardaitheoir.

Thug sé tamall fada mé a shaoradh ach, déanta na fírinne, ní raibh mé leath chomh mór trí chéile agus a bhí mé i mo pháiste óg ar seachrán den chéad uair Oíche Nollag i Sráid Sheoirse.

Nach ait an mac an saol?