Ceardlanna ficsin ar siúl i mBaile Átha Cliath

Tosóidh cúrsa nua, Ceardlanna Ficsin le Mícheál Ó Ruairc, in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Dé Máirt 10ú Feabhra, idir 6.30pm–8.30pm.

Deich seachtain a mhairfidh an tsraith agus €100 a costas.

Amharcfaidh Ó Ruairc ar ghnéithe de phrós-scríbhneoireacht na Gaeilge – plota, stíl, comhrá éifeachtach, coimhlint, teannas, struchtúir, cruthú carachtair agus conas aird an léitheora a ghreamú.

Clúdófar freisin na bealaí is fearr chun gearrscéalta, úrscéalta agus eile a ullmhú le haghaidh foilsitheoireachta.

READ MORE

Déanfar margadh na scríbhneoireachta Gaeilge a phlé agus na deiseanna atá ann do scríbhneoirí. Eolas: 01-8721302