Cinniúint na Catalóine

Neamhspleáchas faoi chaibidil ag pobal na Catalóine


Is breá liom an tsraith teilifíse South Park . Ach baineadh siar asam an chéad uair a chonaic mé an clár Mr. Hanky the Christmas Poo . Níor thuigeas é. Chuir sé samhnas orm. Greann an leithris, dáiríre.

Níor thuigeas é go dtí gur chaith mé seachtain sa gCatalóin le gairid agus gur chuala mé faoi El Caganer. Déan an téarma sin a lorg ar líne mura bhfuil sé ar eolas agat cheana. Sea, sa gCatalóin tá nasc mór idir cac agus an Nollaig! Nós aisteach – déistineach, fiú – atá acu aimsir na Nollag, cinnte.

Ach ní fhéadfá na haidiachtaí céanna a úsáid maidir lena bhfeachtas ar son neamhspleáchais ón Spáinn – is é an “cogadh” is glaine dá leithéid riamh.

"Ní dheachaigh muidne i muinín an ghunna riamh. Feachtas síochánta atá ann," a dúirt eagarthóir an nuachtáin ARA , Salvador Garcia Ruíz, liom nuair a thug mé cuairt ar a n-oifigí i mBarcelona.

READ MORE

Is nuachtán é ARA atá i bhfábhar neamhspleáchais. "Dar liomsa, is comhartha é an easpa foréigin sin go bhfuil neamhspleáchas tuillte againn go cinnte," a dúirt sé.

Stair fhada in alt gearr: bhí saoirse áirithe ag an gCatalóin go dtí 1714 go dtí go bhfuair na Spáinnigh an lámh in uachtar orthu.

D’éirigh leis an gCatalóin saoirse áirithe a bhaint amach arís le linn tréimhsí éagsúla ina dhiaidh sin. Ach ansin, tháinig Franco agus bhí deireadh le saoirse gach uile áit.

Tar éis réimeas Franco i 1979, rinneadh Pobal Féinrialaitheach den Chatalóin arís. Tá siad i gceannas ar a gcóras oideachais féin, mar shampla, ach ní ar bhailiú cánach. Tá a bparlaimint réigiúnach féin acu, faoi uachtaránacht Artur Mas.

Ach an oiread le hAlbain, beidh reifreann ar siúl i mbliana ar cheist an neamhspleáchais.

Ach tá difríocht mhór i gceist: glacfaidh David Cameron leis an toradh sa mBreatain, ach tabharfaidh Mariano Rajoy neamhaird air sa Spáinn.

“Bheadh sé míbhunreachtúil d’aon réigiún sa Spáinn cinneadh mar sin a dhéanamh as a stuaim féin,” a dúirt Rajoy. “Is faoi mhuintir uilig na Spáinne atá sé cinntí mar sin a dhéanamh.”

Tá 60 faoin gcéad de mhuintir na Catalóine i bhfábhar neamhspleáchais, de réir pobalbhreitheanna.

“Ceann des na cúiseanna atá leis sin,” a deir Ruíz, “ná go bhfeictear ar an gCatalóin mar bhó bainne na Spáinne. Tá an olltáirgeacht intíre is airde againn i measc na bpobal réigiúnach uilig.”

Bíodh is go bhfuil sin fíor, bhí na fiacha ba throma orthu i 2012.

Ach, a deir lucht an neamhspleáchais, bhain na fiacha sin leis an gcúnamh mór airgid a bhí á thabhairt acu don chuid eile den Spáinn.

Fós féin, tá sé éasca go leor teacht ar dhaoine ar na sráideanna atá i gcoinne neamhspleáchais nó drogallach roimhe.

“Níl an Chatalóin réidh go fóill,” a deir cuid acu, “is ionann an Spáinn agus an Chatalóin agus níor cheart iad a scaradh.” Tá dílseacht ag daoine áirithe do Ríocht na Spáinne.

Ach is í an tuairim is coitianta ná go bhfuil neamhspleáchas tuillte agus cé gur ceist eacnamúil í go pointe áirithe, tá ceisteanna cultúir agus teanga ann chomh maith.

“Bíonn na Spáinnigh i gcónaí ag iarraidh tuilleadh Spáinnise a bhrú isteach sa gcóras oideachais,” a deir Rafael Ribó, Coimisinéir Teanga na Catalóine. “Is trí mheán na Catalóinise a fhoghlaimíonn leanaí anseo agus nílimid sásta géilleadh air sin.”

Is eiseamláir dúinn in Éirinn den tsochaí dhátheangach í an Chatalóin. Cé nach bhféadfaí mórán de chomparáid a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Chatalóinis i ndáiríre: tá 7.5 milliún cainteoir dúchais ag an gCatalóinis, i gcomparáid le 77,000 cainteoir ag an nGaeilge.

Beidh an reifreann ar siúl i mí na Samhna agus tá an ceart ag Rajoy: tá sé míbhunreachtúil. Níl aon bhunreacht sa mBreatain, mar sin, ní raibh gá le hathrú bunreachtúil leis an reifreann ansin a cheadú.

Fágann sé sin go bhfuil trí rogha ann: d'fhéadfadh na Spáinnigh athrú bunreachtúil a dhéanamh (níl seans ar bith a deir Salvador Garcia Ruíz liom), d'fhéadfadh Artur Mas neamhspleáchas a fhógairt as a stuaim féin gan cead na Spáinneach (ní dóigh go dtarlódh sé sin) nó d'fhéadfaí leanacht den status quo agus den bhfeachtas. "Tá muintir na Catalóine foighneach, stuama agus sibhialta," a deir Ruiz, "leanfaimid orainn go síochánta go dtí go bhfaighimis an rud atá uainn".

Tá go leor saincheisteanna suimiúla ag baint leis an gceist seo; cúrsaí polaitiúla, teanga agus eacnamaíochta. B'fhiú léamh fúthu, go háirithe i gcomhthéacs na samplaí Eorpacha eile, an Chrimé agus Albain. Ach mura bhfuil spéis agat i gcúrsaí polaitíochta, déan cuardach ar El Caganer. Bainfidh tú sult as. Geallaim duit.

Is iriseoir í Caoimhe Ní Laighin le Nuacht RTÉ agus TG4. Bhí sí sa gCatalóin ag tuairisciú don Nuacht, @CaoimheNLaighin